Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Dunja Mijatović uasal, An Coimisinéir um Chearta Daonna, ar chuairt chúirtéise

Mái 25th Dei, 2022 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tuesday, 25th October, 2022

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Dunja Mijatović uasal, An Coimisinéir um Chearta Daonna, ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an uasal Dunja Mijatović, An Coimisinéir um Chearta an Duine agus í ar chuairt chúirtéise ar Áras an Uachtaráin. 
 
Thogh Comhthionól Parlaiminte Chomhairle na hEorpa Dunja Mijatović ina Coimisinéir um Chearta an Duine i mí Eanáir na bliana 2018 agus chuaigh sí i mbun oibre ar an 1 Aibreán 2018.
 
Bhí sí ina hIonadaí ag an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) i dtaca le Saoirse na Meán ó mbliain 2010 go dtí an bhliain 2017.
 
Tugann an tUasal Mijatović comhairle agus cuireann sí daoine ar an eolas faoi cheisteanna chearta an duine trí dhoiciméid théamacha a fhoilsiú agus trí imeachtaí agus ceardlanna a eagrú, chomh maith le cuairt a thabhairt ar bhallstáit chun cabhrú le caighdeáin chosanta chearta an duine a fheabhsú.
 
I dteannta an Uasail Mijatović bhí a Ceann Foirne, Claudia Lam; Uachtarán Homo Faber, an tUasal Anna Dąbrowska; Stiúrthóir Cúnta ar an Rannóg Faire um Chearta an Duine san Eoraip agus san Áise, an tUasal Tanya Lokshina; agus stiúrthóir feidhmiúcháin an Lárionaid um Shaoirsí Sibhialta, Oleksandra Romantsova.
 
Bhuail an tUachtarán leis an gCoimisinéir Mijatović in Áras an Uachtaráin roimhe seo agus í ar chuairt chúirtéise i mí na Bealtaine 2019. Phléigh siad an tábhacht le cur chuige ceartabhunaithe i ndéanamh beartas domhanda ag an gcruinniú.