Cuireann an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Rory Hearne ar chuairt chúirtéise

Céa 2nd Mei, 2021 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 02nd June, 2021

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Rory Hearne ar chuairt chúirtéise

Bhronn an tUasal Rory Hearne a leabhar "Housing Shock, the Irish Housing Crisis and How to Solve it" ar an Uachtarán in Áras an Uachtaráin.

Agus leas á bhaint aige as scór bliain de thaighde acadúil ar an tithíocht agus ar an easpa dídine, chomh maith le habhcóideacht náisiúnta phoiblí ar son na tithíochta, cuireann an leabhar fís nua ar fáil den tithíocht in Éirinn agus conair bheartais phraiticiúil chun tithíocht inacmhainne agus sheasmhach, ar chaighdeán mhaith agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a sholáthar do gach duine.   

Is téamaí iad an tithíocht agus an easpa dídine a luann an tUachtarán Ó hUigínn arís agus arís eile ina shaothar, maidir le tithíocht in Éirinn agus le taithí na ndaoine a díbríodh óna dtithe cónaithe agus a dtíortha dúchais chomh maith.  

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: https://president.ie/ga/news/article/president-higgins-highlights-homelessness