Gradam Gaisce á mbronnadh ag an Uachtarán ar cheathrar i mBaile an Oibricigh

Mái 29th Meá, 2020 | 11:00
suíomh: Champas Coinneála Páistí Bhaile an Oibricigh

Champas Coinneála Páistí Bhaile an Oibricigh

Tuesday, 29th September, 2020

Thug an tUachtarán cuairt ar Champas Coinneála Páistí Bhaile an Oibricigh, chun gradaim Ghaisce a bhronnadh ar dhaoine óga a bhfuil an clár curtha i gcrích acu.

Soláthraíonn an t-ionad coinneála seirbhísí oideachais agus athshlánúcháin do dhaoine óga ar chuir na cúirteanna pianbhreith orthu nó a d'athchuir siad faoi choimeád iad, agus tá sé ar cheann de na hionaid choinneála a thugann deis do dhaoine páirt a ghlacadh sa chlár Gaisce. 

Is clár é Gaisce, 'an t-éacht mór', inar féidir le daoine óga sraith dúshlán pearsanta a leagan amach dóibh féin, a mbíonn tairbhe ann dóibh féin agus dá bpobal.