Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le Seachtain na Gaeilge, mar aon le “Tae leis an Uachtarán”

Céa 11th Már, 2020 | 14:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 11th March, 2020

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le Seachtain na Gaeilge, mar aon le “Tae leis an Uachtarán”

Thug an tUachtarán cuireadh do líon mór daoine chuig fáiltiú tae beag ag Áras an Uachtaráin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain.

Tá a théarma oifige úsáidte ag an Uachtarán Ó hUigínn chun an Ghaeilge a chur chun cinn. I rith a shaol gairmiúil, thacaigh an tUachtarán Ó hUigínn leis an nGaeilge agus bhí sé ar dhuine de thiománaithe taobh thiar de bhunú Teilifís na Gaeilge, TG4 mar atá anois. 

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur Uachtaránacht Smaointe a bheadh aige, uachtaránacht báúil don teanga, do choincheapa agus do thoimhdí neamhráite. Ó shin, léirigh sé áit lárnach na Gaeilge inár stair agus inár gcultúr go minic, agus spreag sé daoine go leanúnach chun an teanga a labhairt, fiú mura bhfuil acu ach ‘cúpla focal’. 

Cé go bhfuil sé tábhachtach an teanga a chaomhnú, spreagann an tUachtarán an dátheangachas agus ‘Gaeltachtaí’ praiticiúla a chruthú – i dtithe, scoileanna agus i measc cairde. 

  • Ina óráid in 2016 ‘Gaeilge sa Ghairdín’, dúirt an tUachtarán go bhfuair ceannairí Éirí Amach 1916 inspioráid ó fhís Éire neamhspleách a raibh a teanga á labhairt agus á scríobh, agus go raibh cúigear den seachtar a shínigh an Forógra gníomhach i gConradh na Gaeilge.  
  • Ina aitheasc ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2016, d’aithin an tUachtarán Ó hUigínn na deacrachtaí a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, ach léirigh sé an dul chun cinn atá á dhéanamh agus an fás sa suim atá ag daoine sa teanga.
  • Ina óráid ag ceiliúradh comóradh 20 bliain de TG4, thug an tUachtarán aitheantas don stáisiún teilifíse mar mhodh chun naisc a chothú idir na pobail scaipthe a úsáideann an Ghaeilge. 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach https://president.ie/ga/diary/details/president-gives-an-address-at-beo