Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin d’fhonn insealbhú an Uachtaráin, Dubhghlas de hÍde…

Lua 25th Mei, 2018 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin d’fhonn insealbhú an Uachtaráin, Dubhghlas de hÍde…

...ceithre scór bliain ó shin, a chomóradh.

 

 

D’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ócáid chun insealbhú chéad Uachtarán na hÉireann 80 bliain ó shin a chomóradh. 

Tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar uachtaránacht an Dr. de hÍde ar an iliomad ócáid, agus béim curtha aige ar chion an Dr. de hÍde i múnlú oifig Uachtarán na hÉireann, chomh maith le oidhreacht an Dr. de hÍde i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge.  

Tá sé ráite ag an Uachtarán Ó hUigínn cheana gur “cuid thábhachtach í Oifig Uachtarán na hÉireann de struchtúr ár mbunreachta, dár stair agus dár n-oidhreacht, agus aithnítear go forleathan an ról tábhachtach a bhí ag ár n-uachtaráin roimhe seo i múnlú agus i bhforbairt na hoifige sin.” 

Tá urraim tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn don Dr. de hÍde trí chrann a thiomnú do chéad Uachtarán na hÉireann i dtailte Áras an Uachtaráin.