An tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Folláine agus Feirm Shóisialta Pobail an Tobair ag Béal Átha an Airgid

Déa 7th Már, 2019 | 16:15
suíomh: An tlúr

An tlúr

Thursday, 07th March, 2019

An tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Folláine agus Feirm Shóisialta Pobail an Tobair ag Béal Átha an Airgid

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Ionad Folláine agus Feirm Shóisialta Pobail an Tobair ag Béal Átha an Airgid, san Iúr. 

Ar a dhara cuairt chuig Tuaisceart Éireann ó atoghadh é, bhuail an tUachtarán le rannpháirtithe i gcláir na heagraíochta.  

Tugann an fiontar sóisialta, a bunaíodh in Aibreán 2018, seirbhísí pobail do dhaoine de gach aois agus cumas, i réimsí cosúil le sláinte agus folláine pobail, machnamhacht, gairneoireacht shóisialta agus theiripeach agus feirmeoireacht shóisialta.

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le cónaitheoirí ó Theach Dealgan i nDún Dealgan agus Teach Altranais Glencarron, Crois Mhic Lionnáin, daltaí Ardscoil Naomh Seosamh, Tacaíocht Tuaithe agus rannpháirtithe feirmeoireachta sóisialta agus freastalaithe sóisialta.

Chuir an tUachtarán an chéad chrann óg dúchais do thionscadal Choilearnach Bhriain ag Gairdín an Chiorcail Cheiltigh.