Spreagaitheasc ón Uachtarán ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe

Dom 27th Ean, 2019 | 18:00
suíomh: Teach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath
Spreagaitheasc ón Uachtarán ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe

Ar Dé Domhnaigh 27 Eanáir, thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe.

Déanann Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe cuimhne ar na daoine sin go léir a fuair bás le linn an Uileloiscthe. Tugann sé chun cuimhne sé mhilliún fear, bean agus páiste Giúdach agus na milliúin eile a ndearna na Naitsithe géarleanúint agus dúnmharú orthu mar gheall ar a n-eitneacht, a míchumas, a gclaonadh gnéis, a gceangail pholaitíochta nó a gcreideamh reiligiúnda.  

Le linn na seirbhíse, lasadh coinnle ar son íospartaigh Ghiúdacha an Uileloiscthe, agus léadh amach ainmneacha na nÉireannach sa chinedhíothú.

Labhair an tUachtarán ag an gcuimhneachán bliantúil in 2015 agus in 2012 chomh maith. Cliceáil anseo chun óráid an Uachtaráin in 2015 a léamh.