Oíche Chultúir 2020

hAo 18th Meá, 2020 | 14:00
Oíche Chultúir 2020

Ar an 7ú bliain i ndiaidh a chéile, beidh an Oíche Chultúir á comóradh ag an Uachtarán Ó hUigínn.

Dé bharr na srianta atá i bhfeidhm i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus paindéim Covid-19, níorbh fhéidir leis an Uachtarán Áras an Uachtaráin a oscailt don phobal. Ina áit sin, rinne an tUachtarán Ó hUigínn an ócáid a chomóradh trí ómós a thaispeáint don Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta.

 

 

Imeachtaí bainteacha:

  • Maidir le hOíche Chultúir 2019, rinne an tUachtarán Ó hUigínn óstáil ar léiriú de dhráma raidió Samuel Beckett ‘All that Fall’.
  • Tiomnaíodh Oíche Chultúir 2018 don cheol, agus do léirithe ag Cumann Cláirsí Stairiúla na hÉireann agus Bernard Lawrence.
  • Rinne an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Oíche Chultúir 2017 a chomóradh le léiriú de chuid chompántas amharclannaíochta Makedo de  ‘Between Your Love And Mine’.
  • Chun Oíche Chultúir 2016 a chomóradh, thug an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín cuireadh d'amhránaithe sean-nóis agus do chompántas amharclannaíochta Smashing Times léiriú a chur ar fáil in Áras an Uachtaráin.
  • Thapaigh an tUachtarán Ó hUigínn an deis an teach a oscailt le haghaidh turais threoraithe ar Oíche Chultúir 2015.
  • Ar Oíche Chultúir 2014, rinne aisteoirí ócáid shuntasach i stair na hÉireann a athchruthú, nuair a chuir an chéad Uachtarán ar Éirinn, Dubhghlas de hÍde, a láimh le píosa reachtaíochta den chéad uair (An Bille um Chánacha do Bhailiú, 1938).