Nochtann an tUachtarán agus Sabina “The Plough & the Stars” - suiteán atá tógtha i ngáirdín Áras…

Mái 1st Bea, 2018 | 16:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Nochtann an tUachtarán agus Sabina “The Plough & the Stars” - suiteán atá tógtha i ngáirdín Áras…

...an Uachtaráin d’fhonn Frithdhúnadh 1913 a chomóradh.

 

Nochtaigh an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín saothar nua ealaíne poiblí i gcomóradh ar an bhFrithdhúnadh Mór ar lucht oibre Bhaile Átha Cliath in 1913 - cor cinniúnach d’oibrithe agus don cheardchumannachas in Éirinn – agus i gcomóradh ar Arm Cathartha na hÉireann agus a chéad rúnaí, an staraí agus drámadóir Sean O’Casey.

“The Plough and the Stars” (An Camchéachta) a tugadh ar an saothar ealaíne agus is comhfhiontar atá ann idir an dealbhóir cáiliúil, John Behan, iar-churadh treabhdóireachta na hÉireannan Gerry King agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá an píosa seo bunaithe ar an gcéachta Wexford Star, a rinne an comhlacht  Wexford Engineering sna 1930idí agus a bronnadh ar Áras an Uachtaráin mar aitheantas ar an mbaint a bhíonn ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.