An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Peace Proms 2019

Dom 3rd Fea, 2019 | 13:00
suíomh: Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath
An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Peace Proms 2019

Bhí an tUachtarán agus Saidhbhín ag freastal ar “Peace Proms 2019.”

Is clár oideachais cheoil do bhunscoileanna atá in Peace Proms,  agus cuirtear bailchríoch air le taibhiú ar scála mór i gcomhair cór agus ceolfhoirne in ionaid shuntasacha ar fud an RA, na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. 

Cuireann an clár ‘síocháin trí cheol’ chun cinn. 

Bunaíodh an Cheolfhoireann Thrasteorann (CBOI) in 1995 mar thionscnamh síochána agus tá os cionn 100 ceoltóir óg ann ó gach cearn d’Éirinn agus de Thuaisceart Éireann.