Aitheasc ón Uachtarán i ndáil le Oireachtas na Samhna, 2020

Sat 31st Dei, 2020 | 19:00

Saturday, 31st October, 2020

Teachtaireacht Oireachtas na Samhna 2020

Dé Sathairn 31 Deireadh Fómhair

A chairde Gael, 

Cuireann sé an-áthas orm a bheith libh inniu chun mo dhea-mhéin a chur in iúl daoibh ag Oireachtas na Samhna, an tsárfhéile bhliantúil do chultúr na Gaeilge, mo bheannachtaí daoibhse uilig a ghlac páirt in imeachtaí an Oireachtais. 

Le daichead bliain anuas, tá sé de nós ag an Oireachtas bogadh ó áit go háit agus thug sé deis dúinn bualadh le chéile i mbailte agus cathracha difriúla fud fad na tíre. Bhíomar ag tnúth leis an gcomhluadar agus an tsiamsaíocht ag an tionól i nGaillimh i mbliana ach, faraor, ní mar sin a tharla. 

Cosúil le gach ní eile, tá an tOireachtas éagsúil i mbliana. Toisc nach féidir linn bailiú le chéile mar is gnáth, tá orainn ár gcultúr agus ár 
n-oidhreacht Ghaelach a cheiliúradh le chéile ar bhonn difriúil. 

Mar is eol daoibh, bhí Oireachtas na Gaeilge le bheith ar siúl mar chuid de chlár Ghaillimh 2020, mórócáid ina bliain mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa. Cé nach bhfuilimid go fisiciúil i nGaillimh, agus in ainneoin na srianta atá orainn de bharr COVID,  níl aon bhac orainn sult a bhaint as ceol, rincí, scéalta, léachtaí, filíocht, díospóireachtaí,  leabhair, drámaí agus nithe eile nach iad ó gach cearn den domhan sa tsraith cláracha atá á chraoladh ag TG4, Raidió na Gaeltachta, BBC Uladh agus ar na meáin shóisialta. 

Níl muid ag casadh le dúshláin den chéad uair. Sa bhliain 1897, nuair a d’oscail Dúbhglas de hÍde an chéad Oireachtas na Gaeilge, ní raibh aon easpa dúshlán roimhe. D’éirigh leis iad a shárú chun an fhéile bhliantúil seo a chothú agus is ó neart go neart atá sí imithe thar na blianta ó shin. 

Is daoine cruthaitheacha, athléimneacha iad foireann an Oireachtais, agus ní chuireann sé iontas ar bith orm go ndeachaigh siad i ngleic le dúshláin na bliana seo chun clár leathan a chur os ár gcomhair. Clár mealltach atá lán go doras le ceol, damhsa agus an focal labhartha. 

Déanaim comhghairdeas libhse uilig a bhí in iomaíocht sna comórtais éagsúla agus sibhse atá ar thóir na nGradam a bhronnfar le linn an Oireachtais. Agus cinnte, comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir! 

Tá ár dteanga agus ár gcultúr i gcroílár imeachtaí an Oireachtais agus is rud iontach í seo. I mbliana, táimid ar chomhchéim, agus na suíocháin is fearr ar fáil do gach duine againn; cibé áit ina bhfuilimid sa tír nó i gcéin, táimid in ann sult agus sásamh a bhaint, go fíorúil, agus na taispeántais atá faoinár mbráid. Nuair atá Oireachtas na bliana seo tagtha chun crích, is féidir linn go léir aghaidh a thabhairt ar na hócáidí atá amach romhainn, le cúnamh Dé, ag a mbeimid le chéile arís. 

Mar fhocal scoir, tréaslaím le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge agus le foireann an Oireachtais. Tá gaisce déanta agaibh. Agus guím gach rath oraibh uilig a d'fhreastail go fíorúil ar Oireachtas na Samhna 2020. 

Beir beannacht agus go dté sibh slán!