Freastalaíonn an tUachtarán ar chruinniú de Ghrúpa Uachtaráin an AE Arraiolos

Céa 15th Meá, 2021 | 10:00
Freastalaíonn an tUachtarán ar chruinniú de Ghrúpa Uachtaráin an AE Arraiolos

Ar cuireadh dó ag Uachtarán Phoblacht na hIodáile, A Shoilse Sergio Mattarella, beidh an tUachtarán Ó hUigínn páirteach i gcruinniú de ‘Ghrúpa Arraiolos’ Uachtaráin an AE.

Freastalóidh trí Cheann Stáit AE déag ar an 16ú cruinniú de chuid an Ghrúpa Arraiolos, a bheidh ar siúl i bPálás an Uachtaráin sa Róimh.

Beidh na Ceannairí Stáit ar fad ón mBulgáir, ón gCróit, ón Eastóin, ón nGearmáin, ón nGréig, ón Ungáir, ó Éirinn, ón Laitvia, ó Malta, ón bPolainn, ón bPortaingéil agus ón tSlóivéin i láthair, mar aon leis an tír óstach, an Iodáil.

Pléifidh cruinniú ghrúpa na gCeannairí Stáit AE i mbliana na féidearthachtaí do thodhchaí an AE sa domhan iar-phaindéime. 

Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Uachtaráin bhaill stáit an Aontais Eorpaigh is ea an Grúpa Arraiolos.

Soláthraíonn an Grúpa Arraiolos, a ainmníodh as an gcathair Phortaingéalach inar reáchtáladh an chéad chruinniú in 2003, fóram polaitiúil d’Uachtaráin phoblachtaí parlaiminteacha san AE lena bhfreagraí ar dhúshláin a sochaí a mheas, agus le prionsabail an iltaobhachais a chur chun cinn.

De dheasca phaindéim Covid-19, ní raibh sé d’acmhainn ag an ngrúpa bualadh le chéile san fhíorshaol le linn 2020.

 

Related events: