An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2022 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Céa 12th Ean, 2022 | 13:00
An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2022 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Is tacadóir mór do Thaispeántas BT na nEolaithe agus na dTeicneolaithe Óga an tUachtarán, agus molann sé é as an spreagadh a thugann sé do dhaoine óga teorainneacha na heolaíochta a shárú agus a bhfuinneamh cruthaithe agus a bhfiosracht a chur i bhfeidhm chun a fháil amach cén chaoi ar féidir an domhan mórthimpeall orthu a fheabhsú.

Is minic a mhol an tUachtarán an comórtas mar go dtugann sé ardán do dhaoine óga a dtallanna a thaispeáint agus dúirt sé gur “buaic an éachta agus na fionnachtana eolaíochta i measc na hóige ar fud an domhain atá ann”.