An tUachtarán i láthair ag an Searmanas bronnta i ndáil le Gradam Óir Gaisce

Lua 10th Nol, 2018 | 14:00
suíomh: Caisleán Bhaile Átha Cliath
An tUachtarán i láthair ag an Searmanas bronnta i ndáil le Gradam Óir Gaisce

Bhronn an tUachtarán Ó hUigínn Gradaim Óir Ghaisce ar 77 duine óg a chuir a ndúshláin forbartha phearsanta i gcrích. 

Is scéim gradam an Uachtaráin atá in Gaisce a bhfuil sí mar aidhm aige an acmhainn atá san óige a chothú trína spreagadh cuspóirí a leagan amach i réimsí éagsúla agus ansin iad a bhaint amach.

Ag searmanas bronnta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheantas do dhaoine óga a chaith a gcuid ama go deonach le heagrais dheonacha, ag obair leis na bochtáin, na daoine aosta agus le daoine faoi mhíchumas agus ag glacadh páirte i ngrúpaí agus i gclubanna óige. Chruinnigh na faighteoirí le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le bualadh leis an gCeann Stáit, agus iad á dtionlacan ag a dteaghlaigh agus a dtacadóirí.