An tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ag ceiliúradh Lá Fhéile Bríde

Lua 1st Fea, 2021 | 09:00
An tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ag ceiliúradh Lá Fhéile Bríde

D’fhoilsigh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht speisialta le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Bríde / St. Brigid’s Day.

Ina theachtaireacht, thug an tUachtarán bunúis Lá Fhéile Bríde chun cuimhne, ag tarraingt airde ar thionchar Naomh Bríd ar shochaí na hÉireann, agus ag déanamh suntais de gur féidir lena heiseamláir mar ghuth láidir, baineann i ré a raibh ceannas ag na fir inti, inspioráid a thabhairt dúinne i láthair na huaire.

Luaigh an tUachtarán agus muid i mbun ceiliúrtha ar mhisneach agus tiomantas Naomh Bríd le linn a haimsire, go dtugaimid aitheantas sa lá atá inniu ann dóibh siúd a gcuireann a saol i mbaol agus iad ag leanúint lena n-obair thábhachtach ar mhaithe linne, a gcomhshaoránaigh.

Go traidisiúnta, is pointe tosaigh an earraigh é Lá Fhéile Bríde, agus roinn an tUachtarán a dhóchas go dtabharfaidh an t-earrach seo leis deireadh “gheimhreadh phaindéim an choróinvíris”.