Tugann an tUachtarán aitheantas do Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta

Sat 17th Dei, 2020 | 09:00

Saturday, 17th October, 2020

Tugann an tUachtarán aitheantas do Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis teachtaireacht speisialta a thaifeadadh chun Lá na Náisiún Aontaithe  chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú a chomóradh.

Tá an 17 Deireadh Fómhair ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar Lá Idirnáisiúnta chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú, mar lá chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí agus do streachailt na ndaoine atá beo bocht agus chun deis a thabhairt dóibh a n-ábhair bhuartha a chur chun tosaigh. 

Ina theachtaireacht, déanann an tUachtarán Ó hUigínn machnamh ar thionchar phaindéim dhomhanda Covid-19 ar na pobail is boichte ar domhan, agus éilíonn sé comhoibriú idirnáisiúnta níos fearr “chun na daoine leochaileacha a chosaint agus iad siúd is mó atá ar an ngannchuid a chumasú.”

 

 

Imeachtaí gaolmhara: