Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ón Uachtarán Ó hUigínn

hAo 24th Nol, 2021 | 09:00
Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ón Uachtarán Ó hUigínn

Seolaim mo bheannachtaí ó chroí do gach aon duine díbh agus guím gach rath oraibh i gcomhair Nollaig shona shíochánta, agus athbhliain a thabharfaidh dóchas dúinn uilig.

Le linn na bliana seo atá caite, iarradh orainn ár saolta a athrú agus a chur in oiriúint don dúshlán mór domhanda a thug dúshlán phaindéim an choróinvíris dúinn. 

Tugadh freagairt uaibhse a léirigh misneach, teacht aniar, foighne agus tiomantas do dhaoine eile.  Glacaim buíochas libh uilig as bhur n-iarrachtaí go léir.

Is soiléir gur chuir an cur i bhfeidhm céimneach den chlár vacsaínithe Covid-19 ar ár gcumas dóchas nua inár saolta a bhrath, agus táimid fíorbhuíoch as sin. 

Tá a fhios agam go rímhaith, mar sin féin, gur cailleadh go leor daoine muinteartha libh de bharr Covid-19 le linn 2021, agus déanaim comhbhrón ó chroí libh ag an tráth deacair seo.

I mbliana, le haghaidh an chárta Nollag oifigiúil ó Áras an Uachtaráin, roghnaigh Saidhbhín agus mé féin íomhá den Teitheadh go dtí an Éigipt le Bartolomé Esteban Murillo. 

Léiríonn sé scéal faoi thuras a spreagadh ag meon lách daonna dírithe ar dhaoine eile a chosaint - turas ar tugadh faoi i ndorchadas domhain, ach ar tugadh faoi i spiorad na muiníne agus an dóchais.  

An bhliain seo, iarradh oraibh go léir arís, i ngnáthimeachtaí bhur saoil, a bheith páirteach, in bhúr slí féin, agus aghaidh á tabhairt ar dhúshlán Covid-19.  Ní gan dua a thug sibh faoi, le dúthracht agus le flaithiúlacht, agus na híobairtí a theastaigh chun bhur muintir agus ár muintir i gcoiteann a chosaint á ndéanamh agaibh.

B'ábhar suaimhnis a bhí ann glúnta éagsúla ár muintire go léir a fheiceáil agus an cómhar, an cineáltas, an chomhbhá agus an cúram do dhaoine eile á dtairiscint acu, agus an dea-shampla a léiríonn a tslí a spreagann na luachanna seo spiorad ár bpobal.

Táim ar an eolas chomh maith faoi na cúinsí ina maireann go leor dár nÉireannaigh thar lear, agus fúthu siúd atá ina gcónaí in Éirinn a bhfuil a muintir thar lear, a bhfuil an oiread sin ina measc arbh éigean dóibh cur suas le scaradh fada, fiú pianmhar, óna gclann, go minic faoi imní nó strus mór. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le buíochas a ghlacadh libh as bhur bhfoighne agus bhur ndíograis agus a dhearbhú daoibh gur mór ag muintir na hÉireann bhur n-íobairtí.

Inniu, táimid i dtréimhse athraithe uair amháin eile, agus bearta nua atá oiriúnach do chúinsí nua á nglacadh agus súil againn teacht as an bPaindéim.  Óna bhfuilimid ag dul tríd lena chéile, agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn, táim dóchasach go bhfuil todhchaí úr níos fearr á tógáil againn, agus í fréamhaithe i spiorad na saoránachta neamhleithlí a bhí chomh feiceálach sin le gairid.

Tá sé léirithe an athuair ag an bpaindéim cé chomh ceangailte, le chéile idirspleách agus fulaingeach, sa chiall dhomhanda, atáimid; na dualgaisí chomh maith leis na tairbhí a thagann leis sin, conas a théann freagrachtaí an cheangail agus an idirspleáchais sin i gcion orainn, go deimhin ar ár gcumas maireachtála féin.

Le déanaí, tháinig ceannairí an domhain le chéile i nGlaschú ag Comhdháil an Athraithe Aeráide 2021 de chuid na Náisiún Aontaithe le dul i ngleic le géarchéim éigeandála na haeráide atá ag éirí níos práinní.  Táimid ag staid an-tábhachtach sa troid sin, mar a gcaithimid go léir athrú ríthábhachtach agus fiúntach a dhéanamh i ngach gné dár saol, pé acu cúrsaí táirgíochta, tomhaltais nó iompair atá i gceist, má táimid leis an téamh domhanda a choimeád ag 1.5 céim nó faoi, mar a gealladh faoi chomhaontú Pháras.

Dúshlán praínneach atá ansin nuair a iarrfar orainn arís páirt neamhleithleach a ghlacadh agus sinn ag obair chun na hathruithe inár slí mhaireachtála a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar shaoránaigh dhomhanda, ní mór dúinn iarracht a dhéanamh múnlaí nua maireachtála a shainaithint agus dul ina mbun, agus cuimhneamh go bhfuil sé in am anois na cinntí suntasacha atá á nglacadh ag boird chomhdhálacha ar fud an domhain a aistriú go hiompar athraithe inár ngnáthshaol má táimid lenár bpláinéad a chosaint agus a chinntiú go bhfanann sé séimh i gcomhair na nglúnta faoi láthair agus amach anseo.  

Ná déanaimis dearmad go bhfuil i bhfad níos mó ná cosaint amháin i gceist lenár múnlaí nua maireachtála. Tugann siad deis dúinn saol níos inbhuanaithe, níos rathúla agus níos comhionanna a chruthú.

Ag an am seo den bhliain agus sinn ag lasadh soilse inár gcathracha agus bailte agus inár dtithe, fágaimid dúluachair na bliana taobh thiar dúinn agus fáilteoimid roimh solas an Earraigh le spiorad an áthais agus dóchais.

Ní fada go dtiocfaidh síneadh sa lá agus go mbeimid i séasúr na hathnuachana agus fáis. Agus sinn ag gluaiseacht i dtreo na laethanta geala sin, bímis tiomanta dá chéile agus do luachanna a chinnteoidh go dtabharfaimid áird speisialta dóibh siúd atá leochaileach. Agus sinn ag teacht amach as an tréimhse dheacair seo i stair ár dtíre, bímis muiníneach as an neart a thagann as an gcomhar, a thugann an oiread sin cumhachta chun todhchaí níos fearr a bhaint amach ar ár bpláinéad roinnte leochaileach.

Arís guím Nollaig Shona agus Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise oraibh.

Beir Beannacht.