Teachtaireacht Na Nollag Ón Uachtarán Ó HUigínn

hAo 23rd Nol, 2022 | 07:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Friday, 23rd December, 2022

Teachtaireacht Na Nollag Ón Uachtarán Ó HUigínn

De réir mar a éalaíonn muid as galar Covid 19, agus as na saoirsí srianta a bhain leis sin, ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, Nollaig faoi shíocháin agus faoi shéan a ghuí oraibh le díograis----agus Athbhliain faoi mhaise.

Déanaim seo, agus fios agam go bhfuil cogaíocht ag bagairt ar an MórRoinn, agus gach toradh a d’eascair as an gcogaíocht chéanna----daoine caillte, gonta, díbeartha as a n-áit chóir. 

Dóibh siúd a d’iarr tearmann orainn agus atá, chuile sheans, ag caitheamh a gcéad Nollaig in Éirinn, fearaim fíorchaoin fáilte romhaibh. Go raibh síocháin agus muinín sa tochaí agaibh uilig.

Tuigeann muintir na hÉireann brí Nollag caite i bhfad óna n-áit dhúchais. Ag casadh na haoise seo caite, bhí breis agus leath de na daoine a rugadh in Éirinn ag maireachtáil thar lear. Bhí an-tionchar ag an deoraíocht seo, agus ar an eisimirt a tharla i gcéadlaethanta an Stáit, ar mheon na ndaoine---- tuigeann ár gcine go maith cad is brí le deoraíocht agus díláithriú.

Don tromlucht sa tír, tugann an Nollaig deis teacht le chéile le clanna, cairde agus a gcomhshaoránaigh; chun páirt a ghlacadh i dtraidisiún cianársa, agus chun machnamh a dhéanamh ar na cuimhní comónta ardluacha a snadhmadh le chéile i ngach Nollaig anallód.

Nollaig ar leith a bheidh ag go leor daoine i mbliana agus muid ag éirí as srianta dochta COVID, sa chaoi gur féidir linn teacht le chéile mar chlanna agus mar ghrúpaí, agus fáiltiú roimh ár ndianchairde ag filleadh orainn as an imigéin----fáiltiú roimh na mílte atá scaipthe ar fud na cruinne.

I measc na bhféastaí athnua seo, is tábhachtach an rud é dianscrúdú a dhéanamh ar ár gcás iarChovid, féachaint conas gur féidir an ceacht agus an leas is fearr a bhaint as an tubaist sin-----ar éirigh linn mar shaoránaigh saol níos daonna agus níos cothroime a chruthú, slí bheatha níos sásúla a bhunú ar na daoine a d’oibrigh ar scáth a chéile le linn na héigeandála?

Is ceart ár gcreideamh i gcóras níos cothroime a athnuachan um Nollaig. Sa tréidlitir réabhlóideach, Laudatio Si, mar shampla, cháin an Papa Proinsias cultúr ar-nós-cuma-liom, mar a léirítear sin ins na daoine nach cúis imní dóibh claochló na haimsire, an galar Covid féin, fadhbanna domhanda, ocras forleathan, bás na n-imirceach agus an meon míleateach ag teacht chun tosaigh; agus tugann an Pápa dúshlán dúinn gan iad siúd atá ag fulaingt in iliomad slite a ligean i ndearmad.

Deir an tréadlitir gur cóir dúinn aire a thabhairt dár “mbaile comónta” agus go bhfuil dualgas orainn gach neach beo a chosaint ar an bplainéad soghonta, trí eiciúlact, eacnamaíocht agus eitic a shnadhmadh le chéile. Ní mór dúinn ceist a chur orainn féin agus ar ár n-institiúidí conas atá na dualgaisí seo á gcomhlíonadh.

Tugann scéal na Nollag deis duinn ár gcairdeas daonna a chéiliúradh ---- ach ba mhaith liom dá gcoinneofaí leis an gcairdeas céanna i rith na bliana ar fad. Agus sin á dhéanamh againn inár dtithe agus inár mbailte.  Is cóir cuimhniú orthu siúd atá gan teach gan dídean, dream atá i dtuilleamaí gach duine atá níos fearr as ó thaobh mhaoin an tsaoil de.

Tugann scéal na Nollag an-léirgeas dúinn orthu siúd atá soghonta agus ar thóir tearmainne. Mar shaoránaigh dhomanda, ní mór dúinn seasamh i mbróga na mbocht----agus cuimhneamh ar an gcéad milliún díbeartha ar fud na cruinne, cé acu i measc buamaí san Úcráin nó ciapaithe i ngorta i ndeisceart na hAfraice. Ní ar na daoine sin atá an locht faoi chlaochló na haimsire --- ach ar na tíortha saibhre. Dá bhrí sin, is ceart cuimhneamh chomh maith orthu siúd atá ar an gcaolchuid, go háirithe tar éis an méadú uafásach a léiríodh i mbliana ar chostaisí maireactála.

Guímis ardmhuinín ar laochra na hintleachta, a chuir i gcoinne feachtaisí frithbhanúla; agus tugaimís lántacaíocht dóibh siúd atá ag iarraidh deireadh a chur le drochdhlithe agus drochnósanna claonta i gcoinne shaoirse na mban.

Ar bhealach speisialta déanaim comhbhrón pearsanta le muintir Chraoslaigh, iad siúd a chaill gaolta and comharsan sa tragóid uafásach, a taibhsíodh dom le linn mo chuairte ar an bpobal croíbhriste sin. Go dtabhara an Athbhliain faoiseamh agus dóchas dóibh, agus go mbaine siad compord de shaghas éigean as na cuimhní geala atá acu orthu siúd a d’imigh ar shlí na fírinne.

Gabhaim buíochas leo siúd atá ag tabhairt aire don phobal ag an Nollaig --- do  dhaoine gonta, daoine gan dídean i rith na Nollag ---- iad sin áta ag obair ins na hospidéil, sna seirbhísí éigeandála, ag coinne amach don aos sean.  Is mór an íobairt a dhéanann lucht an chúraim seo, beag-bheann ar a Nollaig féin.

Tá ár bhfórsaí slandála agus míleata fad ó bhaile ag cothú na síochána i réigiúin coimhlinte ---- go háirithe sách cóngarach don fhearann inar rugadh Íosa Críost. Tá géarghá le socrú polaitiúil sna bólaí sin ----- agus tá fir agus mná in arm na hÉireann ag déanamh a ndíchill chun réiteach a shocrú.

Ta soilsí ar lasadh i laethe an dorchadais, ag tabhairt pléisiúir agus spraoi don aos óg agus sean, sna cathracha, na sráidbhailte agus faoin tuath. Tugann na soilsí ardú meanman dúinn agus muid ag fágáil slán le 2022---agus dóchas don Athbhliain, le súil go réiteofar roinnt mhaith de dhrochchásanna an domhain.

Ní mór dúinn ár dtír a athnuachan, todhchaí níos fearr a chruthú, bunaithe ar chomhbhá, chúram, chur-le-chéile, chothramaíocht.  Sin an ceacht is fearr a thógail as Covid, agus is iad na luachanna a spreag fundúirí ár bPoblachta breis is céad bliain ó shin.

Beir gach beannacht don Nollaig agus don todchaí.