Coimisiún an Uachtaráin

Coimisiún an Uachtaráin

Coimisiún an Uachtaráin

Céard é féin?

I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.

Cé atá air?

An Príomh-Bhreitheamh, An Ceann Comhairle (Cathaoirleach Dháil Éireann) agus Cathaoirleach Sheanad Éireann. 

Má tá aon cheann díobh sin nach bhfuil i gcumas gníomhaithe, is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte, an Leas-Cheann Comhairle agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, faoi sheach, gníomhú mar chomhaltaí ina n-áit.

Gníomhaíochtaí

Is féidir leis an gCoimisiún gníomhú trí bheirt ar bith dá líon. I gcás aon teagmhais nach bhfuil coinne leis ag na socruithe bunreachtúla, féadfaidh an Chomhairle Stáit aon socrú cuí is mian leis a dhéanamh chun déileáil le cúrsaí.

Is iomaí uair a chuir an Coimisiún a lámh le Billí agus rinne sé comhaltaí Rialtais a cheapadh tar éis iad a bheith faofa ag Dáil Éireann agus ainmnithe ag an Taoiseach. In 1992, le linn don Uachtarán a bheith as láthair thar lear, rinne an Coimisiún an Dáil a lánscor ar chomhairle an Taoisigh.