Nuacht

An dara cuid den sraith “Machnamh 100” á seoladh ag an Uachtarán Ó hUigínn

An dara cuid den sraith “Machnamh 100” á seoladh ag an Uachtarán Ó hUigínn

Foilsithe: hAo 24th Meá, 2021 | 17:14

Tá sé mar aidhm ag “Machnamh 100” comhthéacs agus eachtraí Chogadh na Saoirse, Chogadh na gCarad agus na Críochdheighilte a thabhairt chun cuimhne agus critíc agus machnamh a dhéanamh orthu. Tugann an tsraith deis, freisin, chun machnamh a dhéanamh ar thionchar gach a tharla sa tréimhse sin ar chineál na ndlínsí agus na sochaithe a tháinig chun cinn ina ndiaidh.

Tá cur chuige téamach i dtaca le gach ceann de na seimineáir á ghlacadh ag an Uachtarán agus é ag díriú ar na réimsí sin nár tugadh a ndóthain airde orthu, b’fhéidir, agus ar chinn eile a d’fhéadfadh cuidiú le tuiscint níos fearr a fháil ar an tréimhse má fhilltear orthu ar shlí níos úire agus níos doimhne.

Tá an tsraith seimineár roinnte ina dhá chuid:

Cuid a hAon:

Cuireadh an chéad seimineár ar siúl i mí na Nollag 2020. Bhí an dara ceann ar an téama “Impireacht:  Instinní, Leas, Cumhacht agus Frithbheartaíocht” ar siúl i mí Feabhra 2021, agus dhírigh an tríú ceann i mí na Bealtaine ar “Talamh, Inscne agus Aicme”.

Tá sé i gceist an cur agus cúiteamh sin a thaifead i bhfoilseachán priontáilte a fhoilseofar go comhuaineach le cur i láthair an cheathrú seimineár a chraolfar ar Sheinnteoir RTÉ thart ar an 25 Samhain.

Cuid a Dó:

Tabharfaidh rannpháirtithe aghaidh ar an gceathrú seimineár a thionólfar faoin teideal ‘Lonnaíochtaí, Scoilteanna agus Corraíl Shibhialta’. Déanfar machnamh ar an mbóthar chuig an gConradh agus ar a chuid impleachtaí fadtéarmach. Déanfar iniúchadh, freisin, ar Éirinn i samhradh na bliana 1921 agus ar an gciall a baineadh as an Sos Cogaidh, cad a bhí i ndán don tír dá bharr, chomh maith le gné idirnáisiúnta an tsosa cogaidh.

Príomhchainteoir (30 nóiméad)

  • An tOllamh Diarmuid Ferriter, UCD

Freagróirí (15 nóiméad):

  • An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn
  • An tOllamh Mary E. Daly, Acadamh Ríoga na hÉireann
  • An tOllamh Margaret Kelleher, UCD
  • An Dr. Daithí Ó Corráin, DCU
  • An tOllamh Fearghal McGarry, QUB

Imeachtaí ábhartha eile: