Nuacht

Tréaslaíonn an tUachtarán Higgins a bua le Katie Taylor

Tréaslaíonn an tUachtarán Higgins a bua le Katie Taylor

Foilsithe: hAo 30th Ean, 2015 | 15:16

Ag labhairt dó ar maidin (24 Samhain, 2014) dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins, “Tá a cúigiú Craobh Dhomhanda sa Dornálaíocht buaite ag ár gCuradh Oilimpeach Katie Taylor. Táimid go léir an-bhródúil aisti.

Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Katie agus, go deimhin, lena clann, as an mbua iontach seo; léirigh sí arís scil, diongbháil agus misneach den scoth ar an leibhéal is airde ar fad. Níl aon dabht ach gurb í Katie Taylor an bhean spóirt Éireannach is iomráití dá glúin agus tá caighdeán leagtha síos aici do gach lúthchleasaí Éireannach le leanúint sna blianta atá amach romhainn.

Tapaím an deis seo freisin chun a mbua inspioráideach i gcoinne na hAstráile Dé Sathairn seo caite a thréaslú le foireann rugbaí na hÉireann – agus go deimhin feabhas a n-imeartha i dtrí chluiche Idirnáisiúnta an Fhómhair”