Nuacht

Cuairt Stáit Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, A Shoilse Joachim Gauck

Cuairt Stáit Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, A Shoilse Joachim Gauck

Foilsithe: Déa 9th Iúi, 2015 | 09:26

Tá áthas ar an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn a fhógairt go bhfuil glactha ag Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, A Shoilse, Joachim Gauck agus ag an Uasal Daniela Schadt leis an gcuireadh cuairt a thabhairt ar Éirinn idir Dé Luain 13 agus Dé Céadaoin 15 Iúil. 

San iarnóin Dé Luain 13 Iúil, cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le searmanas fáiltithe foirmiúil in Áras an Uachtaráin, áit a gcuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh an Uachtarán Gauck agus an Uasal Daniela Schadt. Tar éis an tsearmanais fháiltithe fhoirmiúil déanfar cruinniú a reáchtáil idir na Ceanna Stáit agus ina dhiaidh sin tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh don Uachtarán Gauck crann a chur i dtailte Áras an Uachtaráin.

Tráthnóna Dé Luain 13 Iúil déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Dinnéar Stáit a óstáil in Áras an Uachtaráin in onóir an Uachtaráin Gauck agus an Uasail Daniela Schadt.

Tá clár foriomlán na Cuairte Stáit tógtha ar an dlúthcheangal idir Éire agus an Ghearmáin agus tugann sé deis leis an gcaidreamh déthaobhach a neartú.

Is é seo an dara Cuairt Stáit ina mbeidh an tUachtarán Ó hUigínn ina óstach. Uachtarán Phoblacht Mhósaimbíc, a tháinig i mí Meitheamh 2014, an chéad cheann. Ó tháinig sé i réim i mí na Samhna 2011, thug an tUachtarán Ó hUigínn dhá Chuairt Stáit thar lear – chuig an gCróit i mí an Mheithimh 2013 ar dtús, agus chuig an Ríocht Aontaithe in Aibreán na bliana 2014. 

Eiseofar clár iomlán Chuairt Stáit an Uachtaráin Joachim Gauck agus an Uasail Daniela Schadt níos déanaí an tseachtain seo. 

Thug an tIar-Uachtarán Mac Ghiolla Íosa Cuairt Stáit ar an nGearmáin i mí Feabhra na bliana 2008.  Is i mí Iúil 2003 a tharla an Chuairt Stáit dheireanach ag Uachtarán na Gearmáine, A Shoilse,  H.E. Johannes Rau, ar Éirinn.