Nuacht

Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2016 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2016 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Foilsithe: Céa 16th Már, 2016 | 12:01

Is mian liom beannachtaí Lá Fhéile Pádraig a sheoladh chuig muintir na  hÉireann uilig - chuig ár gclann dhomhanda agus chuig ár gcairde ar fud na cruinne. Déanaim seo le croí mór maith sa bhliain áirithe seo agus muid ag comóradh na heachtra bunaidh a thug muid i dtreo neamhspleáchais - Éirí Amach na Cásca 1916.

Agus muid ag bailiú le chéile ar ár lá náisiúnta, agus ár bhféiniúlacht á cheiliúradh againn, mholfainn ní h-amháin go gcuimhneoimis ar eachtraí Sheachtain na Cásca 1916, ach go dtapaímis an deis na féidearthachtaí gan teorann atá ann, agus nach bhfuil curtha i gcríoch go dtí seo a athshamhlú. Ní mór dúinn an ceist an chur cén chaoi is féidir linn feidhm a bhaint as an tsaoirse sin a tháinig anuas chugainn ó na glúnta romhainn, ar bhealach a bheadh le leas ár muintir go léir.

Mar thoradh ar an mhórthaighde a bhfuil fáil uirthi le deireanas, tá tuiscint i bhfad níos leithne agus níos doimhne againn ar chastacht na hócáide stairiúla seo - Éirí Amach na Cásca. Is féidir linn aitheantas a thabhairt do na cultúir agus do na creidimh, do chúlra agus do thaithí ilghnéitheach na ndaoine a ghlac páirt ann, chomh maith leis na hidé-eolaíochtaí agus an t-idéalachas láidir a spreag iad. Anuas air sin, glacaimid leis fiú muna riabh siad aontaithe ina dtuairimí polaitiúla, bhí na fir agus na mná a ghlac páirt ar aon aigne faoin tábhacht a bhain le buille a thabhairt don tImpiriúlachas. Duine ar dhuine, bhí siad uilig ar aon intinn faoi thábhacht saorphoblacht a fhógairt ina mbeadh cearta iomlána agus deiseanna forbartha pearsanta ar fáil dá saoránaigh go léir.  

Céad bliain níos déanaí, agus muid ag macnamh ar Fhorógra 1916, agus ar an    t-idéalachas a spreag é, iarrtar orainn leanúint leis an fís a leagadh síos ann a chur i gcríoch, agus Poblacht a thógáil arbh fhiú a tideal í. Tugtar cuireadh dúinn gealltanais na haoise seo caite, nár comhlíonadh go fóill, a mhúscailt in athuair, ionas go mbeidh ar ár gcumas féidearthachtaí úrnua don am i láthair agus dár gcomhthodhchaí a shamhlú. 

Agus an fís seo á fhíorú againn, is féidir linn tarraingt as na spriocanna, as na héachtaí agus as na hócáidí cinniúnacha a leag ár muintir síos dúinn ó chéadbunaíodh ár Stát, ar a bhfuil Clár Daonlathach na Céad Dála in 1919, tionscnamh Bhunreacht na hÉireann 1937, agus bunú foirmeálta Phoblacht na hÉireann in 1948 san áireamh.

Dar ndóigh, mar chine, is iomaí cuairt atá tugtha againn ar ár mBunreacht d'fhonn a chinntiú go dtugann na prionsabail atá cumhdaithe ann níos cóngaraí muid d'idéil na saoirse, an chirt agus an chomhionnanais faoi mar a fógraíodh iad in 1916.

Ó insealbhaíodh mé mar Uachtarán na hÉireann, is rí-mhinic atá idéalachas feicthe agam le mo dhá shúil féin, anseo in Éirinn i measc chuile aicme dár sochaí, agus freisin i measc ár gcómhuintir ar fud na cruinne, agus iad ag saothrú chun sochaí níos fearr a chruthú ag baile agus i gcéin. Tá a dtuiscint ar chearta agus ar dhlúthpháirtíocht le tabhairt faoi deara san iliomad beart ar mian liom a aithint.

Is bunchloch láidir í sin air ar féidir linn ár dtodhchaí a thógáil. Is féidir linn a bheith mórálach gur náisiún muid atá sainithe ag ár dtiomantas do chearta an duine, do shamhlaíocht chruthaíoch agus don seasamh atá léirithe againn ar son na saoirse ón ngéar-leanúint. Mar Ghaeil, sa nua-aois seo, tá deis iontach luachmhar againn páirt a ghlacadh sa troid dhomhanda in aghaidh an ghéarbhochtanais, in aghaidh an ocrais, agus i leith stráitéis in aghaidh athrú aeráide a fhorbairt. I bhfianaise ár staire agus ár gcultúir, is féidir linn ról ceannródaíochta a thógáil agus freagra ionraic a sholáthar do ghéarchéim leanúnach na dteifeach.

Guím beannachtaí na Féile Pádraig ar na Gaeil ar de bhunadh na tíre seo iad, agus ar a sliocht, orthu siúd atá tar éis cur fúthu in ár measc anseo in Éirinn, agus chomh maith leis sin orthu siúd atá ag ceiliúradh linn ar ár lá náisiúnta. Beir beannachtaí do Lá 'le Pádraig agus don todhchaí.