Nuacht

Tugann an Uachtarán aitheantas do Lá Domhanda na dTeifeach

Tugann an Uachtarán aitheantas do Lá Domhanda na dTeifeach

Foilsithe: Céa 17th Mei, 2020 | 12:57

Is é 20 Meitheamh Lá Domhanda na dTeifeach, lá idirnáisiúnta ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe chun onóir a thabhairt do theifigh ar fud an domhain.

Tá sé mar aidhm ag Lá Domhanda na dTeifeach aird an domhain a tharraingt ar an drochbhail atá orthu sin atá ag teitheadh ó choinbhleacht nó ó ghéarleanúint, agus a chur i gcuimhne don domhan gur féidir le gach aon duine, teifigh san áireamh, ionchur a bheith acu sa tsochaí. Tá na téamaí sin léirithe chomh maith in obair an Uachtaráin Uí Uigínn.

Ina aithisc agus ina chruinnithe le ceannairí polaitíochta, tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis éileamh a dhéanamh ar an dlúthpháirtíocht le daoine atá curtha as seilbh le lámh láidir, agus tá sé tar éis impí ar rialtais glacadh le freagracht níos mó i dtaca le leas na n-imirceach agus na dteifeach.  

Tá suim ag an Uachtarán Ó hUigínn ar feadh a shaoil i gceisteanna na himirce agus an tearmainn, agus ó insealbhaíodh é in 2011 tá sé tar éis cuairt a thabhairt ar ionaid soláthar díreach in Éirinn agus ar champaí teifeach in Gambella (An Aetóip) agus Eleonas (An Ghréig).

 

 

Related events: