Nuacht

An tUachtarán Ó hUigínn ag trácht ar leithcheal agus eisiamh an Lucht Siúil

An tUachtarán Ó hUigínn ag trácht ar leithcheal agus eisiamh an Lucht Siúil

Foilsithe: Dom 11th Aib, 2021 | 11:05

Ó insealbhú é mar Uachtarán na hÉireann, tá sé mar aidhm ag an Uachtarán Ó hUigínn ionadaíocht a dhéanamh ar gach duine in Éirinn, an 40,000 fear, mná agus páistí sa Lucht Siúil san áireamh.

Ar feadh a shaoil phoiblí, thacaigh an tUachtarán Ó hUigínn le tograí de chuid an Lucht Siúil agus eile a bhfuil sé mar aidhm acu aitheantas a thabhairt do mhuintir an Lucht Siúil agus Roma mar ghrúpaí eitneacha mionlaigh, a bhfuil sé de cheart acu bród a bhaint as a bhféiniúlacht chultúrtha.  

I gcuid mhór dá n-ócáidí poiblí, leanann an tUachtarán Ó hUigínn leis ag tarraingt airde ar an ionchur dearfach a dhéanann baill an Lucht Siúil agus Roma i saol agus cultúr na hÉireann, mar aon leis an leithcheal agus ciníochas atá go fóill mar chuid dá saol laethúil.

 

Imeachtaí ábhartha eile: