Nuacht

Tugann an tUachtarán Ó hUiginn Cuairt Oifigiúil ar Mheicsiceo, an tSalvadóir agus Chósta Ríce

Tugann an tUachtarán Ó hUiginn Cuairt Oifigiúil ar Mheicsiceo, an tSalvadóir agus Chósta Ríce

Foilsithe: hAo 18th Dei, 2013 | 12:46

An tUachtarán Ó hUiginn ar Chuairt Oifigiúil chuig Trí Náisiún: Meicsiceo, an tSalvadóir agus Cósta Ríce

Fágfaidh an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn, Dé Sathairn (19 Deireadh Fómhair), ar chuairt oifigiúil chuig Meicsiceo, an tSalvadóir agus Cósta Ríce. Ina chuideachta beidh Sabina Bean Uí Uiginn agus an tUasal Joe Costello, T.D. Aire Stáit leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bhfuil freagracht air maidir le Trádáil agus Forbairt.

Meicsiceo

Ar a shroicheadh ceann scríbe chathair Mheicsiceo dó, cuirfidh Ambasadóir na hÉireann chuig Meicsiceo, Sonja Hyland Uasal, fáilte roimh an Uachtarán Ó hUiginn.

Dé Domhnaigh (20 Deireadh Fómhair), tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Leacht Cuimhneacháin i gcuimhne Batallón de San Patricio (Cathlán Naomh Pádraig) i bPlás San Ángel. Leagfaidh sé fleasc agus tabharfaidh sé aitheasc gearr ann. Níos déanaí sa lá, tabharfaidh sé cuairt ar Mhúsaem na hAntraipeolaíochta i gcathair Mheicsiceo.

Dé Luain (21 Deireadh Fómhair) beidh searmanas oifigiúil ag Altóir an Náisiúin i bPáirc Chapultepec, áit ina leagfaidh an tUachtarán Ó hUiginn fleasc. Ina dhiaidh sin rachaidh an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn chuig an bPálás Náisiúnta agus cuirfidh Uachtarán Mheicsiceo, an tUasal Peña Nieto agus a bhean Angelica Rivera de Peña fáilte rompu. Tar éis cruinniú a bheith acu, déanfaidh an bheirt Uachtarán síniú Chomhráiteas Airí a fhianú. Beidh an tUachtarán, Bean Uí Uiginn agus an toscaireacht i láthair ag lón oifigiúil á óstáil ag an Uachtarán Peña Nieto, i dteannta le hionadaithe lucht gnó agus acadúil ó Éirinn agus ó Mheicsiceo a bheidh ag freastal ar an ócáid freisin.

Tráth níos moille Dé Luain freastalóidh an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn ar fháiltiú ina n-onóir á óstáil ag Ambasadóir Hyland thar ceann an phobail áitiúil Éireannaigh sna réimsí gnó, cultúir agus acadúla.

Dé Máirt (22 Deireadh Fómhair) beidh an tUachtarán i láthair ag bricfeasta gnó á óstáil ag Fiontraíocht Éireann agus tabharfaidh sé aitheasc ann. Ina dhiaidh sin rachaidh sé go Guadalajara chun freastal ar Chruinniú Mullaigh Gnó Mheicsiceo agus chun aitheasc tosaigh a thabhairt ann. Tabharfaidh an tUachtarán Peña Nieto aitheasc sa seisiún céanna ag an gCruinniú Mullaigh freisin. Is é an tUachtarán Ó hUiginn an chéad Cheannaire Stáit nó Cheannaire Rialtais a labhróidh leis an gCruinniú Mullaigh Gnó seo a bhfuil an-tábhacht leis. Chomh maith leis sin beidh deis ag an Uachtarán Ó hUiginn bualadh le hionadaithe ó chuideachtaí Éireannacha atá lonnaithe in Guadalajara.

Fillfidh an tUachtarán ar chathair Mheicsiceo níos déanaí Dé Máirt chun freastal ar Cheolchoirm Camerata Ireland sa Centro Nacional de las Artes (Lárionad Náisiúnta na n-Ealaíon).

Dé Céadaoin (23 Deireadh Fómhair) tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn cuairt ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun aitheasc a thabhairt ar an ábhar ‘Éire agus Meicsiceo sa 21ú hAois: oidhreacht chairdis agus ár dtodhchaí chomhroinnte.’ Níos déanaí casfaidh an tUachtarán le Méara Chathair Mheicsiceo, an tUasal Miguel Angel Mancera agus tabharfar onóir dó ag searmanas d’Aoi Oirirc de chuid Chathair Mheicsiceo. Níos moille san iarnóin, imeoidh an tUachtarán ó Chathair Mheicsiceo chun dul go dtí an tSalvadóir.

An tSalvadóir

Ar a theacht chun na Salvadóire dó, cuirfidh ionadaithe an Rialtais fáilte roimh an Uachtarán agus bronnfaidh Méara gníomhach na Salvadóire, Gloria Calderón Sol de Oñate Uasal, Saoirse na Cathrach air.

Déardaoin (24 Deireadh Fómhair) tabharfaidh an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn cuairt ar an Casa Presidencial, áit a gcuirfidh Uachtarán na Salvadóire, an tUasal Mauricio Funes agus a bhean chéile Dr. Vanda Pignato fáilte rompu. Tar éis cruinniú déthaobhach a bheith ag an mbeirt Uachtarán agus a gcuid toscaireachtaí, síneofar Meabhrú Tuisceana maidir le comhairliúcháin dhéthaobhacha idir Airí na hÉireann agus Airí na Salvadóire, agus déanfar é a fhianú ag an mbeirt Uachtarán. Bronnfar Gradam Stáit na Salvadóire ‘Jose Matias Delgado’ ar an Uachtarán Ó hUiginn. Freastalóidh an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn ar lón ansin á óstáil ag an Uachtarán Funes.

San iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn cuairt fhoirmiúil ar Thionól Náisiúnta na Salvadóire, áit a dtabharfaidh sé aitheasc. Um thráthnóna rachaidh sé chuig Universidad Centroaméricana (Ollscoil Mheiriceá Láir) agus tabharfaidh sé cuairt ar an séipéal inar adhlacadh an seisear Íosánach (ar dúnmharaíodh iad san Ollscoil i mí na Samhna 1989 i dteannta le beirt bhan a bhí ag comhoibriú leo). Ina dhiaidh sin tabharfaidh an tUachtarán aitheasc tosaigh i halla éisteachta na hOllscoile dar teideal: “Cuimhne agus Fianaise: An Tábhacht atá le hÓmós a Thabhairt Dóibh Siúd a Thug Fuascailt”. Chomh maith leis sin bronnfaidh Reachtaire Ollscoil Mheiriceá Láir gradam ar an Uachtarán mar chomhartha aitheantais dá chuid oibre ar son chearta daonna ó na 1980idí ar aghaidh.

Dé hAoine (25 Deireadh Fómhair) rachaidh an tUachtarán Ó hUiginn ar cuairt chuig Páirc Cuscatlán chun breathnú ar an Leacht Cuimhneacháin don Chuimhne agus don Fhírinne a dhéanann comóradh ar gach duine ar cailleadh iad le linn choimhlint na Salvadóire. Mar chuid den chuairt seo beidh deis ag an Uachtarán casadh le hionadaithe ó eagraíochtaí sochaí shibhialta na Salvadóire, a bhfuair a gcuid oibre ar shaincheisteanna amhail athmhuintearas, cuimsiú sóisialta agus forbairt, tacaíocht ón eagraíocht Trócaire agus ó chlár cúnaimh forbartha de chuid rialtas na hÉireann.

Tráth níos moille sa lá, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar thuama an Ard-Easpaig Romero in Ardeaglais na Salvadóire. Ina theannta sin, beidh an tUachtarán i láthair ag lón a bheidh á óstáil ag Consal Oinigh na hÉireann sa tSalvadóir, an tUasal Roberto Murray Meza, ina ndíreofar ar chúrsaí trádála agus ar fhorbairt eacnamaíoch.

San iarnóin, buailfidh an tUachtarán le hArd-Rúnaí SICA (Sistema de la Integración Centroamericana), an tUasal Hugo Martínez Bonilla. Is eagraíocht í SICA a bhfuil an comhtháthú réigiúnach i Meiriceá Láir mar aidhm aige agus tá a ceanncheathrú lonnaithe sa tSalvadóir.

Cósta Ríce

Dé Sathairn (26 Deireadh Fómhair) imeoidh An tUachtarán agus Bean Uí Uiginn ón tSalvadóir chun dul chuig San José, Cósta Ríce.

Dé Luain (28 Deireadh Fómhair) cuirfidh Uachtarán Chósta Ríce, Sra. Laura Chinchilla, fáilte roimh an Uachtarán agus Bean Uí Uiginn. Tar éis chruinniú na nUachtarán, beidh an tUachtarán Chinchilla ina hóstach ar lón in onóir an Uachtaráin agus Bean Uí Uiginn.

Níos déanaí san iarnóin, beidh an tUachtarán i láthair ag cruinniú comhchéime le El Estado de la Nacion, meitheal machnaimh atá tacaithe ag Ollscoileanna i gCósta Ríce a dhíríonn ar théamaí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus a chuireann táscairí i ndáil le forbairt eacnamaíoch agus sóisialta ar fáil do Chósta Ríce agus do réigiún Mheiriceá Láir.

Dé Máirt (29 Deireadh Fómhair) casfaidh an tUachtarán le hUachtarán na Cúirte Idir-Mheiriceánach um Chearta Daonna, an Breitheamh Diego García-Sayan agus tabharfaidh sé aitheasc tosaigh sa Seomra Éisteachta Poiblí dar teideal “Cearta Daonna sa 21ú hAois, Cúiseanna Dóchais”. Níos déanaí san iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Amharclann Náisiúnta chun freastal ar cheadal le pianódóir Chósta Ríce Jorge Briceño.

Dé Céadaoin (30 Deireadh Fómhair) casfaidh an tUachtarán leis an Aire Comhshaoil, an tUasal René Castro chun forbairt inbhuanaithe agus an bhithéagsúlacht i gCósta Ríce a phlé agus chun cuairt a thabhairt ar chuid d’fhoraois bháistí Chósta Ríce. Níos moille sa lá imeoidh An tUachtarán agus Bean Uí Uiginn ó Chósta Ríce agus fillfidh siad abhaile go Baile Átha Cliath ar an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair.