Nuacht

An tUachtarán Ó hUigínn ar Chuairt Oifigiúil ar an Iodáil

Foilsithe: Déa 7th Fea, 2013 | 11:50

Tabharfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn cuairt oifigiúil ar an Iodáil ón gCéadaoin 6 Feabhra go dtí an Satharn 9 Feabhra. Beidh an turas seo ar cheann de dhá thuras a thabharfar ar Bhallstáit an AE le linn tréimhse Uachtaránachta na hÉireann. Amach sa mhí rachaidh an tUachtarán ar chuairt oifigiúil chun na Fraince.

Fágfaidh an tUachtarán, agus a bhean chéile Sabina ina chuideachta, maidin Dé Céadaoin, 6 Feabhra. Fáilteoidh Ambasadóir na hÉireann chuig Poblacht na hIodáile, an tUasal Patrick Hennessy roimhe ag ceann scribe. San iarnóin, in Ollscoil na Róimhe Tre, tabharfaidh an tUachtarán an aitheasc tosaigh, “An Léann Éireannach, suntas na deoraíochta agus an taithi imirceach” ag Comhdháil de chuid Fondúracht na hIodáile, ar James Joyce. Um thráthnóna, beidh an tUachtarán i láthair ag fáiltiú in Ambasáid na hÉireann, Villa Spada, leis an bPobal Éireannach.

Ar an Déardaoin, an 7ú lá, rachaidh an tUachtarán chuig Coláiste Pontaifiúil na nGael áit a chuirfidh an Reachtaire, An tAthair Ciarán Ó Carroll, maraon le foireann agus mic léinn an Choláiste fáilte roimhe. Níos déanaí sa lá beidh sé i láthair in Villa Spada, agus tabharfaidh sé aitheasc ag Ocáid do Líonra Gnó na hÉireann, ag a mbeidh Gníomhaireachtaí Stáit na hÉireann agus mór-phearsana ghnó i láthair. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh sé cuairt ar Eaglais San Pietro in Montorio, inar adhlacadh Aodh ó Néill agus Ruaidhrí Ó Domhnaill.

Tráthnóna Déardaoin, buailfidh an tUachtarán le hUachtarán Phoblacht na hIodáile, ag an bPálas Quirinale. Beidh sé ina aoí onóra ag ceolchoirm, agus ag Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin Napolitano d’fhonn aitheantas a thabhairt d’Uachtarántacht na hÉireann den AE. Is iad Altan, ceol-ghrúpa traidisiúnta na hÉireann a sheinnfidh don bheirt Uachtarán agus dá gcomhluadar iarrtha.

Ar an Aoine, 8 Feabhra, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta de chuid na Náisiúin Aontaithe, tráth a bhuailfidh sé leis an Ard-Stiúrthóir, An tUasal Jose Graziano da Silva. Níos moille sa lá, rachaidh sé chuig Eaglais San Isidore na bProinsiasach, mar a bhfuil An tAthair Mícheál Mac Craith, ina Reachtaire.

Fillfidh an tUachtarán agus Bean Uí Uigínn abhaile go Baile Átha Cliath ar an Satharn 9 Feabhra.