Nuacht

Official visit to Liverpool and Birmingham

Official visit to Liverpool and Birmingham

Foilsithe: hAo 15th Fea, 2019 | 11:11

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt oifigiúil trí lá ar Birmingham agus Learpholl, agus thug sé cuairt ar eagrais agus institiúidí a mbaineann tábhacht leo don phobal Éireannach agus do thodhchaí an chaidrimh idir Éire agus an Bhreatain.  

In Birmingham, tar éis dó bualadh le pearsana mór le rá ó phobail na polaitíochta, an ghnó, na n-ealaíon agus na hÉireann, thug sé ómós ag an leacht cuimhneacháin don 21 duine a bhásaigh i mbuamáil na dtithe tábhairne in Birmingham in 1974.  

In Birmingham agus Learpholl araon  bhuail an tUachtarán leis na céadta duine ón bpobal Éireannach, thug sé aitheantas do na daoine agus na heagrais a thugann tacaíocht don phobal agus mhol sé ionchur mhuintir na hÉireann i ngach earnáil de shaol na Breataine.  

In Ollscoil Learphoill, bhuail an tUachtarán le Prionsa na Breataine Bige chun bonn foirmiúil a chur faoi a gcomhphátrúnacht ar  Institiúid an Léinn Éireannaigh san Ollscoil, a bunaíodh in 1988 mar chuid de Chomhaontú Angla-Éireannach 1985 chun tuiscint níos fearr a chothú idir an Ríocht Aontaithe agus Éire.


Ag labhairt dó ag imeacht i gcomhair ceannairí gnó i gceantar Learphoill, dúirt an tUachtarán gur thug a chuairt deis an caidreamh cairdiúil idir Éire agus an RA a cheiliúradh, agus béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le tógáil ar an gcaidreamh sin, pé toradh a bheidh ar phróiseas imeachta na Breataine.