Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar bhás do Mhuiris Mac Conghail

Dáta: Mái 26th Sam, 2019 | 13:55

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Muiris Mac Conghail.

Bhí Muiris Mac Conghail tiomanta go mór don chraoltóireacht phoiblí den scoth, ní hamháin in Éirinn ach ar leibhéal ár bpáirtithe Ceilteacha agus Eorpacha chomh maith, agus d’fhorbair sé gréasán plé ar ról agus ar fhéidearthachtaí na craoltóireachta poiblí.  

Ina chuid oibre thaispeáin Muiris Mac Conghail go bhféadfaí tumadh i litríocht, i gcultúr agus in oidhreacht na hÉireann a nascadh le féidearthachtaí ceannródaíocha meáin nua iniúchta.  

Mar chraoltóir, b’éigean dó misneach agus dúthracht a thaispeáint agus tacaíocht á tabhairt aige don fhoireann sna laethanta luatha i gcruthú clár iniúchta teilifíse, cláir amhail 7 Days.

Thug sé an tiomantas agus na luachanna céanna leis ina chuid oibre le Bord Scannán na hÉireann, agus ina róil do Rialtas na hÉireann.

Cuireann Saidhbhín agus mé féin ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá bhean chéile  Mary Malone, dá chlann Fiach, Cuán, Somhairle, Marcus agus Etain, agus dá chiorcal muintire agus cairde.”