Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán tar éis dó An Bille Sláinte (Caomhnú agus Cosaint agus Éigeandála eile ar mhaithe le Leas an Phobail) 2020

Dáta: hAo 20th Már, 2020 | 19:52

Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn tar éis dó An Bille Sláinte (Caomhnú agus Cosaint agus Bearta Éigeandála eile ar mhaithe le Leas an Phobail) 2020 a chur faoina lámh:

Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar an mBille Sláinte (Caomhnú agus Cosaint agus Bearta Éigeandála eile ar mhaithe le Leas an Phobail) 2020 agus é a chur faoina lámh, tá an ráiteas seo a leanas eisithe ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn:

“Mar Uachtarán, impím ar gach saoránach, i bhfianaise na héigeandála maidir leis an dúshlán tromchúiseach roimh ár sláinte phoiblí, freagairt ar bhealach fial do chomhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dtaca le bearta chun scaipeadh Covid19 a mhaolú. 

D’fhéadfadh go mbeadh deacracht ag cuid mhaith daoine leis na bearta nua sláinte agus sóisialta sin ach tá tionchar acu orainn go léir agus táimid ag pointe anois nuair atá iarmhairtí ag gníomhartha duine, ní hamháin mar a bhaineann sé leis féin, ach do gach duine sa tsochaí. Cuireann gníomh aonair mífhreagrach gach duine i mbaol. Ní mór dúinn leas a bhaint as ár mbuanna anois.

Tá an dlúthpháirtíocht idirghlúine ar cheann de na hacmhainní is fearr i sochaí chomhaimseartha na hÉireann. Amach anseo beidh na glúine atá le teacht, creidim, ag féachaint siar ar an am géibheannach seo agus tá súil agam go mbeidh siad bródúil as an mbealach a thugamar faoi na dúshláin le chéile agus glúine éagsúla á gcur a chéile san áireamh.

Mar Uachtarán, táim fíorbhuíoch as an gceangal atá agam le daoine óga ar fud na tíre agus is mór agam an ceangal sin. Déanaim achainí ar na daoine óga sin an scéal a scaipeadh i measc a gcairde faoin tábhacht a bhaineann lena bhfuil iarrtha orainn a dhéanamh. 

I ngach glúin beidh eisceachtaí ann maidir lena bhfuil le déanamh ar mhaithe leis an bpobal. Tá  súil againn go bhfuil deireadh tagtha le hiompar a chuireann gach duine i mbaol.

Tá cuid mhór seandaoine ar labhair mé leo, a bhaineann leis an nglúin chéanna liom féin agus le Saidhbhín, fíorbhuíoch as an líon mór daoine óga atá ag cabhrú leo. Tá cabhair dá leithéid á tairiscint ar shlí atá comhbhách agus a théann i ngleic le fadhbanna na seandaoine agus ní hamháin a dhéanann bia agus earraí grósaera a thabhairt chucu. 

Tá ceangal leis an tsochaí mothaithe ag na daoine aosta sin ar tugadh cúnamh dóibh, agus mothaíonn siad nasc atá á neartú seachas a bheith á lagú. Chomh maith leis sin ní hamháin go bhfuil na daoine aosta buíoch as a bhfuil á dhéanamh dóibh ach a chuir fáilte roimh amharc ar an dream óg a bhfuil dóchas tugtha acu dóibh maidir leis an Éirinn atá le teacht.”

CRÍOCH

 

Nóta don Eagarthóir: Inniu, an 20ú lá de Mhárta 2020, tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar an mBille Sláinte (Caomhnú agus Cosaint agus Bearta Éigeandála eile ar mhaithe le Leas an Phobail) 2020, tá an Bille curtha faoina lámh ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus dá réir sin tá sé ina dhlí.