Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán faoi ‘Gaisce sa Bhaile’

Dáta: Mái 24th Már, 2020 | 13:52

Is údar mór misnigh an fhreagairt a tugadh don tionscadal speisialta atá fógartha ag Gaisce, Gradam an Uachtaráin. Tá fáilte chroíúil curtha ag an aos óg ar fud na tíre roimh an bhfógra go bhfuil ‘Gaisce sa Bhaile’ tugtha chun cinn ag Gaisce, Gradam an Uachtaráin.

I ráiteas dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn: “Mar Uachtarán, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann i nGaisce as an tionscnamh nua seo, a chuideoidh le daoine óga fanacht gníomhach agus gafa ina bpobail, agus cúram a dhéanamh dá sláinte coirp agus intinne sna dálaí speisialta seo ina bhfuilimid.

Tá súil agam go dtapóidh an chuid is mó is féidir den 18,000 duine óg atá páirteach i nGradam an Uachtaráin cheana an deis chun bealaí malartacha a thabhairt chun cinn chun a spriocanna a bhaint amach, agus go bhfreagróidh daoine eile fós, a bhfuil suim acu clárú do Dhúshlán an Uachtaráin, an dúshlán.

Trí pháirt a ghlacadh in Gaisce, iarrtar ar dhaoine óga a scileanna a fhorbairt, muinín a bhaint as a gcumas agus tuiscint a fháil ar an tábhacht le hionchur dearfach a dhéanamh ina bpobail agus sa tsochaí trí chéile. Go bunúsach, baineann dúshlán Gaisce le geallúint a dhéanamh duit féin spriocanna a leagan amach agus iad a bhaint amach go bríomhar.

Ní héasca an rud le déanamh riamh é ach an oiread le haon dea-thasc. Tá sé níos dúshlánaí fós é a dhéanamh faoi na cúinsí deacra seo, agus ba mhaith liom tréaslú le gach rannpháirtí a shocraíonn tabhairt faoin aistear sin.  

Beir beannacht.