Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn i gcomhair Lá Domhanda na Fealsúnachta 2020

Dáta: Déa 19th Sam, 2020 | 08:30

I ráiteas a eisíodh inniu as Áras an Uachtaráin, thug an tUachtarán Ó hUigínn le tuiscint go raibh suntas ar leith ag baint le Lá Domhanda na Fealsúnachta 2020, i bhfianaise phaindéim Covid-19.

 

"Tá scaipeadh an choróinvíris tar éis iarmhairtí tromchúiseacha agus millteanacha a bheith aige ar dhaoine ar fud an domhain agus bhásaigh go leor daoine nó chaill siad daoine muinteartha leo dá bharr, agus chomh maith leis sin bhí go leor eile ar chuir na bearta chun scaipeadh an víris a throid isteach go mór orthu. 

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do gach duine ar chuir an phaindéim isteach go mór ar a saol.

Tá paindéim Covid-19 tar éis ár leochaileacht roinnte agus tábhacht na gcinntí a dhéanaimid, mar dhaoine aonair agus mar shochaithe, a chur i gcuimhne dúinn.

Ar Lá Domhanda na Fealsúnachta seo, tá suntas ar leith ag baint le luachanna amhail an Dlúthpháirtíocht, an Chomhbhá, an Cúram agus an Cineáltas. Sna cúrsaí mar atá, tá práinn athnuaite leis na ceisteanna uile faoi bhonn eitice na mbeartas agus na ngníomhartha a chuirimid chun cinn chun tabhairt faoin bpaindéim, agus faoin tslí ar féidir linn freagairt di.

Inniu, ar 'Lá Domhanda na Fealsúnachta' de chuid na Náisiún Aontaithe, déanaimis machnamh ar na ceachtanna atá le foghlaim ó phaindéim Covid-19, agus ar a bhfuil le baint againn astu, na ceisteanna a ardaítear faoin tslí arbh fhearr dúinn ár saol a chaitheamh lena chéile, ar bhealach go ndéanfaimid cúram níos fearr dá chéile agus dár bpláinéad leochaileach. 

Tugann Lá Domhanda na Fealsúnachta cuireadh dúinn ceiliúradh a dhéanamh orthu siúd atá ag obair chun machnamh agus díospóireacht níos doimhne a chur chun cinn faoin eitic, agus a dhéanann ceiliúradh ar an machnamh chruthaitheach agus ar an smaointeoireacht chriticiúil mar luachanna lárnacha inár sochaí, anois agus sa todhchaí.

Tá tionchar ag an gcaoi a mbainimid úsáid nó mí-úsáid as an bhfealsúnacht nó a ndéanaimid neamhaird de, ar gach uile rud."