Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Sliocht as aitheasc an Uachtaráin Higgins ag an bhFáiltiú Pobail.

Dáta: Déa 23rd Aib, 2015 | 14:58

Labhraíonn an tUachtarán Higgins faoi Gallipoli, cuimhneacháin in Istanbul agus deich mbliana de chomórthaí  in Éirinn. 

Ag labhairt dó in Istanbul tráthnóna, dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins, a raibh fiche Ceann Stáit eile ina chuideachta ag “Searmanais Chomórtha Gallipoli”, 

"Táim tar éis teacht chuig an Tuirc le bheith in éineacht le ceannasaithe eile ó áiteanna éagsúla ar domhan ag na searmanais shollúnta le comóradh a dhéanamh ar na híobairtí a rinne siad siúd a bhásaigh sna cathanna uafásacha i Gallipoli, a thosaigh céad bliain ó shin an tseachtain seo. Is ócáid thréan dár dtír é seo, ar ndóigh, mar go raibh na mílte fear ó gach cearn d’oileán na hÉireann i measc na gcéadta míle a bhásaigh nó a gortaíodh san ár seo de chuid an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Cé go bhféadfadh sé gur lú an t-eolas ar an eachtra sin ná ar na feachtais ar an bhFronta Thiar, is féidir go mbeadh dáimh ag muintir na hÉireann an lae inniu le cuimhne Gallipoli, tharla go bhfuil  doiciméid, litreacha, dialanna agus cuimhní cinn na n-iarshaighdiúirí ar fáil dúinn – scríbhinní agus páipéir a chuireann go mór lenár staidéir stairiúla agus leis na cláir faisnéise agus na scannáin ar féidir iad a dhéanamh dá mbarr.

Is scéal faoi bhás agus faoi fhulaingt mhór a raibh an tsochaí thíos go mór leis atá i scéal Gallipoli, ach an oiread leis an gCéad Chogadh Domhanda féin; is scéal é, freisin, faoi bheart míleata nár éirigh leis, arbh é ba shiocair leis an oiread sin fear básaithe, agus ina measc ar a laghad 3,500 d’fhir na hÉireann. Throid cuid díobh faoi éide arm Shasana agus cuid eile le reisimintí a mbailte nua san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus i gCeanada.  B’fhéidir go raibh cúiseanna éagsúla acu le dul i mbun trodaíochta, agus is beag ina measc a raibh aon tuairim acu faoina raibh i ndán dóibh nó go n-íocfaidís go han-daor as. D’íocfadh na heasláin go leanúnach as, agus bheadh an t-eisiamh sóisialta i ndán do chuid mhór díobh ar fhilleadh dóibh.

Ba cheart dúinn a admháil, freisin, gur ordaíodh do na fir sin bás agus fulaingt a imirt, agus iad mar chuid d’fhórsa ionsaitheach míchinniúnach a cruthaíodh gan mhachnamh ceart: thit saighdiúirí na Tuirce ina mílte agus iad ag cosaint a dtíre dúchais, agus cailleadh i bhfad níos mó díobh ná a cailleadh de na Comhghuaillithe.

Ní mar a chéile a chuaigh an scéala dúinn ina dhiaidh sin, inár meon agus ár gcuimhne náisiúnta,  maidir leis an bpáirt a bhí ag na hÉireannaigh in imeachtaí Gallipoli, agus a chuaigh do mhuintir na hAstráile agus na Nua-Shéalainne maidir leo siúd a d’fhill chuig na tíortha sin. Go deimhin, bhí troid ar son an neamhspleáchais faoi sheol in Éirinn. Rinneadh imeallú ar chuid mhaith díobh siúd a bhí tar éis seirbhís a dhéanamh in Arm na Breataine, agus cruthaíodh bearna idir dhaoine a raibh an bhochtaineacht  chomhchoiteann ag imirt orthu.

Ach b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair.

Inniu, cuirimid ár ndea-mhéin in iúl i gcuimhne na bhfear sin go léir ar cailleadh a n-acmhainn agus a ngealladh i Gallipoli céad bliain ó shin. Déanaimid sin le tuiscint níos cuimsithí agus níos nuaí ar chúinsí an ama sin; tagaimid le chéile le náisiúin eile  a bhfuil a scéalta tragóideacha ina gcuid d’eispéaras an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus tugaimid chun cuimhne na mairbh agus na daoine a goineadh,  muintir na marbhánach agus na daoine ab ansa leo, na saolta briste agus na pobail a d’íoc go han-daor as an gcogadh tubaisteach sin arbh é imbhualadh impireachtaí ar lorg cumhachta ba chúis leis.

Agus bonn eiticiúil faoin gcuimhneachán á lorg againn, ní mór dúinn cuimhneamh, freisin, nár chuir eachtraí mar a tharla i Gallipoli cosc le Dara Cogadh Domhanda san Eoraip".

Agus é ag díriú ar dheich mbliana de chomórthaí céad bliain agus de chuimhneacháin, dúirt an tUachtarán Higgins,

"Beidh féilire lán de chomórthaí deich mbliain agus de chuimhneacháin sna deich mbliana atá romhainn, in Éirinn agus ar fud na hEorpa araon. An bhliain seo chugainn, déanfar comóradh in Éirinn ar Éirí Amach na Cásca i 1916 – eachtra chinniúnach i gconair na hÉireann chuig an neamhspleáchas. Beidh deis ann dúinn, Éireannaigh, go léir dul i ngleic le himeachtaí casta na bliana sin, chomh maith leis na deich mbliana roimh agus i ndiaidh 1916. Beidh deis ag daoine de gach aois, in Éirinn agus thar lear, dul i mbun machnaimh, comórtha eiticiúil agus díospóireachta eolasaí faoin todhchaí is mian linn a chruthú le chéile.

Is cuid thábhachtach de chomóradh Rialtas na hÉireann an Clár Domhanda agus Diaspóra, le tacaíocht ón ngréasán ambasáidí ar fud an domhain, a thabharfaidh cuireadh dóibh siúd go léir, a bhfuil suim acu in Éirinn, páirt a ghlacadh sa chomóradh céad bliain tábhachtach seo. 

Tá súil go mór agam go ndéanfar ionadaíocht ar son phobal na hÉireann anseo sa Tuirc ag cuid de na himeachtaí, a mbeidh sé mar aidhm acu an stair a cheanglaíonn iad siúd go léir a rugadh in Éirinn nó ar dá bunaidh iad, pé áit sa domhan ina bhfuil siad ina gcónaí anois."

Fágfaidh an tUachtarán Higgins an Tuirc Dé Domhnaigh agus tabharfaidh sé cuairt oifigiúil ar an Liobáin, áit a dtabharfaidh sé cuairt ar fhorsaí na hÉireann atá ar seirbhís le UNIFIL.