Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ón Uachtarán, Micheál D. Ó hUigínn 2051

Dáta: Dom 20th Nol, 2015 | 10:30

Is tráth ar leith atá sa Nollaig. Don chuid is mó againn, is tráth é le bheith i gcuideachta iad siúd a bhfuil cion againn orthu, ár muintir féin; tráth le scíth a ligean agus machnamh a dhéanamh; tráth le haitheantas a thabhairt do na daoine maithe agus do na heachtraí sona sin inár saol agus le bheith buíoch astu. 

Más tráth ceiliúrtha í an Nollaig, is tráth comhroinnte freisin í. Roinnimid ár gcomhluadar agus gach a bhfuil bainte amach againn lena chéile, chomh maith lenár dtrioblóidí, ár ndóchas agus ár n-aislingí. 

Níor cheart dúinn é a ligean i ndearmad gur tráth dóchais atá sa Nollaig chomh maith. Ag an tráth seo, i ndorchadas domhain an gheimhridh, déanaimid ceiliúradh ar bhua an tsolais ar an dúchan, agus bua na n-aislingí ar na bacainní a tháinig romhainn san am atá caite. Déanaimid athnuachan ar na féidearthachtaí nach bhfuil fíoraithe go fóill.

Le linn na saoire seo, tugtar deis dúinn cuimhneamh ar an saol agus ar an domhan ina bhfuilimid ag maireachtáil. Agus é sin á dhéanamh againn, cuirtear i gcuimhne dúinn an cruatan agus na trioblóidí atá á bhfulaingt ag an iliomad daoine in Éirinn agus ag na milliúin dár gcompánaithe ar an bplainéad leochaileach seo ar a dtugaimid an Domhan. 

Agus sinn ag smaoineamh ar scéal na Nollag agus ar bhreith Íosa, ar chruachás Sheosaimh agus Mhuire agus iad ag súil le breith a linbh, agus ar an gcaoi ar thug daoine – ar strainséirí a bhí iontu – cúnamh dóibh, is féidir linn inspioráid a fháil dár saol féin, sa lá atá inniu ann, óna raibh le dul faoi acu. Níos mó ná rud ar bith eile, tugann scéal na Nollag treoir dúinn faoin gcaoi ar cheart dúinn ár ndaonnacht chomhroinnte a mhúnlú agus aird againn ar na glúine atá le teacht.

I mbliana, go háirithe, cuirimid fáilte roimh na dualgais atá le glacadh ag náisiúnstáit maidir le bochtaineacht dhomhanda agus le hathrú aeráide.

Le linn na bliana dhá mhíle agus a cúig déag, d’fhoghlaimíomar gur teifeach, nó “duine díláithrithe” nó duine arbh éigean dó teitheadh óna theaghlach ar chúis éigin, atá i nduine amháin as gach céad fiche a dó duine ar an bplainéad. De bharr cogaí, coimhlintí agus géarleanúna, cuireadh iallach ar níos mó daoine teitheadh óna dteaghlach ná mar a tharla riamh ó thosaigh taifid á gcoimeád.

Mar phobal imirceach, tá tuiscint ar leith againn ar an saol léanmhar atá ag an seasca milliún duine a díláithríodh in aghaidh a dtola. Sa chomhthéacs sin, is ábhar misnigh é a fheiceáil an méid daoine in Éirinn arbh í an fháilte chaoin agus an chóir a bhí á dtairiscint acu. Tá ár nEagraíochtaí Neamh-Rialtasacha, ár seirbhísí sláinte, ár seirbhísí faoi éide – sa bhaile agus thar lear araon – lán le daoine atá tar éis cinneadh a dhéanamh dul i mbun gnímh, a bheith mar na strainséirí a thairgeann lámh chúnta, dídean agus béile dóibh siúd atá ar an ngannchuid.

Is é an bealach a chaithimid leo siúd is laige inár measc is fearr a thaispeánfaidh an dea-theist orainn mar náisiún.

Sa bhliain atá caite mhothaigh mé féin agus Saidhbhín suáilceas agus cairdeas na ndaoine, sa bhaile agus thar lear araon, agus is rud é sin ar mór againn é agus a bhfuilimid fíorbhuíoch as.

I sráidbhailte agus i mbailte ar fud na tíre seo agus ar chuairteanna oibre thar lear bhí sé de phribhléid againn cion tairbhe mhuintir na hÉireann, ar bhealaí éagsúla ar mhaithe leis an bpobal agus leis an saol poiblí, a fheiceáil.

I gcomhar lena chéile, is féidir linn gréasán sin na dlúthpháirtíochta a cheanglaíonn lena chéile muid, mar dhaoine agus mar phobal domhanda, a neartú an bhliain seo chugainn. Agus sinn ár n-ullmhú féin le heachtraí móra céad bliain ó shin, a mhúnlaigh breith ár bPoblachta a chomóradh, spreagtar sinn ní hamháin leis na heachtraí sin a thabhairt chun cuimhne, ach idéil na Poblachta a fógraíodh beagnach céad bliain ó shin a shamhlú an athuair agus spreagadh a fháil uathu chomh maith.

Is é mo dhóchas ó chroí gur féidir le gach aon duine againn spreagadh a fháil ó na hidéil sin ar ár dturas coiteann, mar a mbeidh tábhacht le gach aon choiscéim a ghlacfaidh gach aon saoránach, i ngach aon ghlúin, turas a dhéanfaimid go léir le chéile, gan aon duine ina aonar go brách. 

Mar Uachtarán na hÉireann, guím gach dea-ghuí oraibh go léir agus go raibh Nollaig agus Bliain Nua shona agus shíochánta agaibh.