Eolas

Eolas

Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí agus Coinníollacha

Cóipcheart

Is ábhar don taifead poiblí atá in aithisc agus i gcainteanna an Uachtaráin agus dá réir sin tá siad saor ó chóipcheart.

Tá na cearta uile i dtaca le dearadh, téacs, aithisc, léaráidí, fótagraif, closábhar, físábhar agus ábhar eile ar an suíomh gréasáin seo faoi réir chóipcheart Áras an Uachtaráin/Oifig an Uachtaráin nó tríú páirtí eile.

Is é is dóichí gur faoi chóipcheart an údair atá aon ábhar atá á sholáthar ag aon tríú páirtí, naisc chuig suíomhanna gréasáin eile ón suíomh seo san áireamh. Ní mór údarú chun ábhar den sórt sin a chóipeáil nó a úsáid a fháil ón údar lena mbaineann.

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid 2005, (I.R. Uimhir 279 de 2005)

Cloíonn Oifig an Uachtaráin leis na Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid, agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid.

Is faoi chóipcheart Oifig an Uachtaráin atá an fhaisnéis uile atá le feiceáil ar ár suíomh gréasáin, mura dtugtar a mhalairt le fios. Is ceadmhach duit an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid is mian leat.

Cuimsítear cóipeáil, dáileadh cóipeanna ar an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriúchán go teangacha eile san athúsáid. Clúdaítear freisin taighde agus staidéar neamhthráchtála.

Tá an athúsáid faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas. Ní mór duit:

  • an fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil sa chás go ndéanann tú an fhaisnéis a sholáthar do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun táirge, seirbhís, nó cúis pholaitiúil ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn mar príomhchuspóir
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun críche cuspóirí neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta ná chun tacú lena leithéidí

Níl Oifig an Uachtaráin freagrach as aon chaillteanas nó dliteanas bainteach le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn go bhfuil an fhaisnéis suas chun dáta nó saor ó earráid.  Ní thugann Oifig an Uachtaráin údarás d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici a faisnéis a athúsáid.

Saoráil Faisnéise

Tá feidhm ag alt 46(d) den Acht um Shaoráil Faisnéise i gcás taifead a bhaineann leis an Uachtarán.