Saidhbhín Uí Uigínn

Saidhbhín Uí Uigínn

Is í Saidhbhín Uí Uigínn bean chéile Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a insealbhaíodh ina Uachtarán ar an 11 Samhain 2011 ar feadh téarma seacht mbliana.  Bhí os cionn milliún vóta aige, an líon vótaí is airde a fuair aon pholaiteoir i stair thoghchánaíochta na hÉireann. 

Rugadh Saidhbhín Ní Chadhuin, Uí Uigínn anois, i gCluain Ráin ar theorainn Ghaillimh-Mhaigh Eo agus fuair sí a cuid scolaíochta i mBaile an Daighin agus i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo.  

Agus í 18 mbliana d’aois bhog Saidhbhín go Baile Átha Cliath chun dul ag obair in oifig Choimisiún na Talún. Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an aisteoireacht agus modh Stanislavsky á úsáid aici faoi threoir Deirdre O’Connell a oileadh i Stiúideo na nAisteoirí i Nua Eabhrac. Bhí Sabina ina cailín coimhdeachta nuair a phós Deirdre O Connell an t-amhránaí Luke Kelly (The Dubliners) agus bhí sí ar dhuine de chomhbhunaitheoirí chompántas aisteoirí an Focus, in éineacht le Deirdre, áit ar oibrigh sí le Tom Hickey, Timmy McDonald, Mary Elizabeth Burke Kennedy, Joan Bergin agus go leor eile nach iad.

Bhuail Saidhbhín le Mhicheál D. Ó hUigínn ag cóisir i mBaile Átha Cliath agus in 1974 pósadh iad i Séipéal Bhóthar Haddington, i mBaile Átha Cliath.  Bhog Saidhbhín go Gaillimh, áit ar oibrigh sí i gcomhpháirt le Micheál D. san iliomad feachtas agus sa saol poiblí ar feadh tréimhse níos faide ná tríocha bliain agus ar choinnigh sí an bhaint a bhí aici leis an amharclann agus le healaíona pobail, í ag obair le compántas cáiliúil an Druid, leis an Taibhdhearc agus le grúpaí eile.

Bhí Saidhbhín an-ghníomhach, freisin, i dtionscnaimh phobail i nGaillimh agus i mbunú comhairlí tuismitheoirí ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta chun tuismitheoirí a chur chun cinn mar rannpháirtithe san oideachas.

D’fhill Saidhbhín ar an oideachas mar mhac léinn aibí agus bhain sí amach céim BA sna healaíona agus MA san amharclannaíocht ó Ollscoil Éireann Gaillimh.

Tá ceathrar clainne ar Saidhbhín agus Micheál D, a n-iníon Alice Mary ar an duine is sine, an cúpla John agus Michael agus an mac is óige, Daniel. 

Biography