An Óige agus an tÉireannachas

An Óige agus an tÉireannachas

An Óige agus an tÉireannachas

Ina aitheasc insealbhaithe dúirt an tUachtarán Higgins gur mhian leis caidreamh a bhunú leis an óige mar chuid de shraith seimineár le linn a Uachtaránachta.  In 2012 d’iarr sé ar dhaoine óga seilbh a ghlacadh ar an athrú agus thug sé cuireadh dóibh a bhfís de thodhchaí na hÉireann a roinnt leis.

 

Thar thréimhse ceithre mhí bhailigh an tUachtarán Higgins moltaí agus smaointe na hóige maidir le todhchaí na hÉireann trí chomhairliúchán ar líne agus trí cheithre cheardlann réigiúnacha.

Ag deireadh na ceithre mhí sin foilsíodh an tuarascáil An Óige agus an tÉireannachas.

“Le linn m’Uachtaránachta, tá sé i gceist agam roinnt Seimineár Uachtaránachta a chur ar siúl a d’fhéafadh téamaí atá tábhachtach dúinn inár saol a léiriú agus a phlé, atá níos leithne agus atá neamhspleách ar éilimh reachtaíochta, téamaí mar athbhunú muiníne inár n-institiúidí, an ceangal eiticiúil idir ár ngeilleagar agus ár sochaí, agus todhchaí na hEorpa bunaithe ar an síocháin, ar dhlúthpháirtíocht shóisialta agus ar an inbhuanaitheacht.”