Cuimhneamh Eiticiúil

Cuimhneamh Eiticiúil

Cuimhneamh Eiticiúil

 "Bíonn gach sochaí a thagann amach as coinbhleacht i ngleic le hoidhreacht na staire agus conas aghaidh a thabhairt uirthi. Ní mór dóibh a chur san áireamh, ní hamháin a bhfuil tugtha chun cuimhne go comhfhiosach trí ghníomh cuimhne an duine aonair, ach a bhfuil á sheachadadh ar aghaidh, go minic trí leaganacha den stair a nglactar leo go neamhchriticiúil agus a bhfuil stádas an chultúir á mhaíomh go minic acu. Tá impleacht dhosheachanta na heitice ag baint le cad a chuimhneofar air agus conas cuimhneamh air. Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí an gaol casta idir an cuimhneamh, an eitic agus an maithiúnas in aon chur chuige chun deileáil leis an am atá caite."

- an tUachtarán Ó hUigínn, 27 Meitheamh 2015

 

Idir 2012 agus 2023, beidh "Deich mBliana an Chomórtha Céad Bliain" á chomóradh ag Éirinn, agus tarraingeofar aird ar chothrom céad bliain cuid de na heachtraí ba thábhachtaí i stair na hÉireann, amhail Frithdhúnadh Mór 1913, an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú, toghchán 1918, tionól na Chéad Dála, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad.

Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun tosaigh sa chomóradh agus rinne sé freastal ar roinnt mhaith imeachtaí ceiliúrtha an Stáit agus mhúnlaigh sé iarrachtaí náisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh ar chúlra, tionchar agus ábharthacht chomhaimseartha na n-imeachtaí a bhí á gcomóradh.

Ina chuid oibre, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar an ngá le tabhairt faoi thasc an 'chuimhnimh eiticiúil' - an tábhacht leis na glórtha sin a bhí imeallaithe, ar baineadh a gcearta díobh nó ar fágadh ar lár iad, go ró-mhinic, san am a caitheadh - agus le meon 'na hinsinte fáiltí' a ghlacadh - a bheith toilteanach a bheith oscailte do léargais, insint, cuimhnimh agus pianta an strainséara. 

Tá cur chuige an Uachtaráin i leith an chomórtha céad bliain léirithe ar an tslí is fearr sna príomhaithisc a thug sé le linn na tréimhse.   D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta rogha na n-óráidí a bhain le 1916 sa bhliain 2018 (ar fáil ar líne anseo).

Sa bhliain 2020, sheol an an tUachtarán Ó hUigínn an chéad chéim eile de chlár náisiúnta an chomórtha, tri shraith seimineár a óstáil agus cuireadh á thabhairt chun machnamh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse, Idirbheartaíocht an Chonartha, Cogadh na gCarad agus an Chríochdheighilt. 

Coincheap ársa sa Ghaeilge an focal 'machnamh' a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh, agus “Machnamh 100” an teideal a bheidh ar an tsraith. Tabharfar scoláirí ceannródaíocha ó chúlraí éagsúla agus le raon léargas acu le chéile chun a gcuid tuisceana agus machnaimh ar an gcomhthéacs agus ar na himeachtaí sa tréimhse mhúnlaitheach sin céad bliain ó shin agus ar chineál an chomórtha féin a roinnt . 

Seimineár Deiridh – Samhain 2022 – “Cuimhne, Stair agus Samhlaíocht”

Bhí an séú seimineár, dar teideal “Cuimhne, Stair, agus Siamsaíocht”, ar siúl i mí na Samhna 2022. Ba é an tOllamh Declan Kiberd as Ollscoil Notre Dame (Baile Átha Cliath) príomhchainteoir na ceardlainne.

Ina dhiaidh sin, tháinig freagraí ó na daoine seo a leanas: an teoiricí cultúrtha agus táirgeoir scannán Lelia Doolan; an tOllamh Angela Bourke as Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Fergal Keane, fear atá ina iriseoir agus ina údar ; chomh maith le heochairaitheasc ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Le linn ionchur na rannpháirtithe, pléadh an méid a bhíonn i bpáirt ag an stair, ag an tráma, agus ag an gcuimhne cultúrtha a d’fhorbair i rith na tréimhsé