Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar chomóradh 100 bliain ó theacht i bhfeidhm Bhunreacht Shaorstát Éireann

Dáta: Mái 6th Nol, 2022 | 09:34

“Céad bliain is an lá inniu, go díreach bliain iomlán tar éis shíniú an Chonartha, tháinig Bunreacht Shaorstát Éireann i bhfeidhm le tacaíocht Dháil Éireann agus Pharlaimint na Breataine in Westminster. 

Cé nach bhfuil anailís shuntasach déanta air, go pointe de bharr go raibh Bunreacht na hÉireann 1937 i bhfeidhm sár i bhfad, is buncháipéis é Bunreacht 1922 a bhfuil olltábhacht stairiúil ag baint leis. 

Trí na tograí éagsúla le seachtainí agus míonna anuas le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain Bhunreacht 1922, mo shraith féin, Machnamh 100 san áireamh, agus obair Choiste an Bhunreachta a tháinig roimpi, ina n-ionchur suntasacha ar imeachtaí na tréimhse.

Cuideoidh obair na Cartlainne Náisiúnta le miontuairiscí, dréachtaí, taighde agus ábhar riaracháin Choiste an Bhunreachta a fhoilsiú go digiteach, le rochtain a thabhairt do thaighdeoirí na todhchaí ar na taifid seo. 

Agus sinn ag comóradh an chéid, tá sé suntasach aitheantas a thabhairt d’íostachas Bhunreacht 1922, gné a dhéanann scáthánú ar an tionchar seachtrach a raibh impleacht dochrach aige ag an am ar dheiseanna síocháin tar éis do dhiúltú thorthaí olltoghchán 1918. Go cinnte, is é sin an chúis is dócha a bhí taifid obair an choiste coimeádta i bhfolach ó shúile an phobail ar feadh leathchéad bliain. 

Crucially, that external influence was responsible for the exclusion of democratic efforts at inclusion such as were represented in the Democratic Programme of the First Dáil. Then too during the parliamentary debates on the Constitution, Labour TDs such as Tom Johnson, himself the author of the Democratic Programme of the First Dáil, and T.J. O’Connell proposed the inclusion of modest welfare measures as well as provisions to protect children’s rights. These proposals met with opposition.

Maidir le dul i ngleic le ceisteanna na bochtaineachta agus an ionchuimsiú shóisialta, bheadh tionchar ní ba mhó ag Bunreacht 1922 ar bhac a chur ar mhodhanna radacacha riaracháin a d’oir ní b’fhearr do choinníollacha na hÉireann ó thaobh stát tógála de. 

Ná déanaimis dearmad agus sinn i mbun comórtha ar theacht i bhfeidhm Bhunreacht 1922 céad bliain ó shin le linn sheachtain mhí na Nollag, ar chomhthéacs an Chogaidh Chathartha a bhí fós go mór i réim ag an am. Go deimhin, an lá arna mhárach, maraíodh Seán Hales, TD ar son an Chonartha, agus é ar a bhealach chun na Dála. Lá amháin níos déanaí, cuireadh ceathrar ceannairí frithChonartha, Rory O'Connor, Liam Mellows, Joe McKelvey agus Richard Barrett, de bharr dhíoltas an Rialtais.

Tá sé tábhachtach agus muid i mbun machnaimh ar imeachtaí céad bliain ó shin go gcuirfear gach gné den tréimhse úd san áireamh, cosúil le ceist na talún, aicme sóisialta agus inscne, ábhair nach bhfuair a dhóthain airde thar na blianta. 

Sa tsraith seimineár Machnamh 100, a críochnaíodh le déanaí agus atá le fáil anois ar Sheinnteoir RTÉ agus ar an suíomh gréasáin President.ie, rinneadh iarracht dul i ngleic leis na ceisteanna seo ar fad trí scoláireacht chuimsitheach, ilghnéitheach. Tá fáilte roimh chách a bhfuil spéis acu, breathnú ar na seimineáir agus sinn ag iarraidh pictiúr ionchuimsitheach a tharraingt den stair, agus trí sin, teacht le chéile agus todhchaí níos fearr, inbhuanaithe a thógáil”.