Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Phrionsa Albert II Mhonacó

hAo 3rd Meá, 2021 | 12:30
Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Phrionsa Albert II Mhonacó

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh a Shoilse Ríoga, Prionsa Albert II Mhonacó chuig  Áras an Uachtaráin.

Tharla an chuairt 60 bliain tar éis chuairt thuismitheoirí an Phrionsa, an Prionsa Rainier III agus Grace Kelly, in 1961. Bhí a gcuairtsean ar an gcéad chuairt oifigiúil ar Éirinn ag aon Cheann Stáit ó bhunú an Stáit. Bhí an Prionsa Albert II trí bliana d’aois nuair a bhuail sé leis an Uachtarán de Valera agus a bhean chéile in Áras an Uachtaráin.

Tugann an Prionsa cuairt ar Éirinn go rialta, agus thaistil sé lena mháthair in 1961, 1976 agus 1979. Thug sé cuairt ar Éirinn mar Cheann Stáit ar roinnt ócáidí, ina measc cuairteanna neamhfhoirmiúla in 2017 agus 2019 agus Cuairt Stáit in 2011. Cliceáil anseo chun an óráid a thug an tUachtarán Mhic Giolla Íosa ar an ócáid sin a léamh.