Cuireann an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Joe Bide, Uachtarán Mheiriceá

Déa 13th Aib, 2023 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 13th April, 2023

 Cuireann an tUachtarán fáilte roimh an Uasal Joe Bide, Uachtarán Mheiriceá

Chuir Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín, fáilte roimh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, go hÁras an Uachtaráin ar chuairt chúirtéise.

Is cuid de chuairt oifigiúil an Uachtaráin Biden ar Éirinn í an chuairt seo. 
 
Tar éis an tsearmanais fháiltithe, bhí cruinniú ag an mbeirt Cheann Stáit. Le linn a gcruinnithe, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Uachtarán Biden ar ais go hÉirinn, agus an bheirt Cheann Stáit ag bualadh lena chéile den tríú huair ag Áras an Uachtaráin. Thug an tUachtarán Biden cuairt ar an Uachtarán Ó hUigínn i Meitheamh 2016 le linn a théarma mar Leas-Uachtarán, agus arís i Meán Fómhair 2017 nuair a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn don lón é. 
 
I measc na dtopaicí a phléigh an bheirt Cheann Stáit le linn a gcruinnithe ar maidin, bhí saincheisteanna déthaobhacha agus domhanda:
 

cthacaíocht leanúnach do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus labhair an bheirt Uachtarán faoin riachtanas atá ann do thuilleadh oibre agus forbartha ar an bPróiseas Síochána i dTuaisceart Éireann;

  • Ionchur na nÉireannach ar shochaí Mheiriceá, chomh maith leis na dúshláin atá os comhair an diaspora; 
  • Todhchaí na hoibre – labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi thacaíocht fhadtéarmach an Uachtaráin Biden don mhargáil chomhchoiteann agus cearta eagraithe na gceardchumainn, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis an athrú glas;
  • Luaigh an tUachtarán Ó hUigínn tacaíocht láidir an Uachtaráin Biden don phósadh comhghnéis agus cearta LADTA+
  • Tábhacht ár ndualgas comhroinnte maidir le ceisteanna domhanda, cosúil le hathrú aeráide, slándáil an tsoláthair bia agus an gá le Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe NA;
  • Labhair an bheirt Uachtarán faoi thábhacht dhiúltú an Phápa Proinsias don ‘’Doctrine of Discovery’, a úsáideadh le drochíde agus smachtú na ndaoine dúchasacha a dhlisteanú, Críocha Mheiriceá ina measc, agus an deis le caidreamh neartaithe a chothú idir na Stáit Aontaithe agus Meiriceá Theas:
  • Sraith seimineár an Uachtaráin Uí Uigínn, Machnamh 100, bunaithe ar chasphointí stairiúla an chéid seo chaite a raibh neamhspleáchas na hÉireann mar thoradh orthu;
  • Cúrsaí is déanaí maidir le hiarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin.

 
Tar éis an chruinnithe, chuir an tUachtarán Biden crann darach ar thailte Áras an Uachtaráin, mar a rinne na hUachtaráin John F. Kennedy, Ronald Reagan, Bill Clinton agus Barack Obama, roimhe.
 
Ansin, bhuail an tUachtarán Biden Clog na Síochána. Bhí suntas faoi leith aige seo agus cuairt an Uachtaráin Biden ag tarlú sa tseachtain chéanna le comóradh 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tógadh Clog na Síochána in 2008 le comóradh a dhéanamh ar 10 mbliana tar éis shíniú an Chomhaontaithe.
 
Sular fhág sé, chuir an tUachtarán Ó hUigínn an tUachtarán Biden in aithne do chuairteoirí ar tugadh cuireadh oifigiúil dóibh, agus iad ann thar ceann shochaí shibhialta na hÉireann. Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le baill thoscaireacht an Uachtaráin Biden chomh maith, ina measc iarbhaill agus baill reatha Chomhdháil na Stát Aontaithe, agus chuir sé fáilte rompu go hÉirinn.
 
I ráiteas tar éis na cuairte, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:
 

“Bhí áthas orm fáilte a chur roimh an Uachtarán Biden ar ais go hÁras an Uachtaráin, agus é ar a chéad chuairt chun na hÉireann mar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Tá muintir na hÉireann an-eolach ar ár nasc láidir leis an Uachtarán Biden, agus bhí áthas orm fáilte chroíúil a cuireadh roimh an Uachtarán i gContae Lú, agus níl aon dabht agam gur amhlaidh an scéal amárach i Maigh Eo, an dá chontae is gaire dá oidhreacht.
 
Tá sé tráthúil go bhfuil an tUachtarán Biden ar cuairt sa bhliain chéanna le comóradh 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ní hamháin sin, ach go bhfuil 60 bliain caite ó thug an tUachtarán John F. Kennedy cuairt ar Éirinn i Meitheamh 1963. 
 
Cosúil le go leor daoine Éireannacha, thóg muintir an Uachtaráin Biden an bád bán go dtí na Stáit Aontaithe i lár an ochtú haois déag agus tá an bheirt againn go fóill an-airdeallach ar an gceangal atá againn leis na daoine sin a d’imigh ar imirce, chomh maith leis na daoine a bhfuil an turas céanna déanta acu sna blianta ó shin, agus le dúshláin reatha an diaspóra. 
 
Le linn ár gcruinnithe, roinn an tUachtarán Biden agus mé féin tuairimí ar go leor topaicí.
 
Is i mbliana a bhfuil pointe leathbhealaigh i dtréimhse chur i bhfeidhm Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe NA ann, a aontaíodh i Nua-Eabhrac in 2015, agus 2030 ainmnithe mar phointe deiridh. Ón tús, is léir go bhfuil claochlú suntasach de dhíth maidir le cur i bhfeidhm na SFI – athruithe iltaobhacha, ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil. 
 
Léirigh an pobal domhanda ionannú láidir le spéiseanna comhshaoil áitiúil agus ghlac céimeanna luatha i dtreo na n-athruithe riachtanacha.  Tá dúshláin ann fós ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, áfach, go háirithe maidir le fás suntasach cumhacht corparáideach. 
 
Sa chomhthéacs seo, phléamar tacaíocht sheasta an Uachtaráin Biden do ghluaiseacht na gceardchumann, chomh maith lena chuid oibre chun athrú suntasach inbhuanaithe a chur chun cinn agus athrú glas a éascú ina pholasaithe eacnamaíocha, cuir i gcás in infheistíocht caiteachais infreastruchtúir agus i dtionscal na ngluaisteán. 
 
Bhí mé an-sásta an deis saothair ealaíonta agus cultúrtha Éireannacha a phlé leis an Uachtarán Biden, go háirithe an tsuim chomhroinnte atá againn beirt in Patrick Kavanagh – duine de na filí Éireannacha is fearr riamh agus a bhfuil an-éileamh ar a shaothar i measc imircigh na hÉireann, trí íomhánna na páirceanna tréigthe agus an spiorad ag lorg saoirse.