Cuairt an Uachtaráin ar Thrúpaí na hÉireann atá lonnaithe sa Líobáin

hAo 18th Dei, 2019 | 11:20
suíomh: (An Liobáin)
Cuairt an Uachtaráin ar Thrúpaí na hÉireann atá lonnaithe sa Líobáin

Chuaigh an tUachtarán O hUigínn chuig deisceart na Liobáine chun bualadh le trúpaí na hÉireann atá ag déanamh seirbhíse i bhFórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe (UNIFIL) sa Liobáin. 

Is fórsa ilnáisiúnta coimeádta síochána atá imlonnaithe i ndeisceart na Liobáine ón mbliain 1978 atá in UNIFIL. Is é an phríomhaidhm atá aige an tslándáil a choimeád sa réigiún agus an comhaontú maidir le sos cogaidh a mhaoirsiú. 

Tar éis na coimhlinte in 2006 idir Iosrael agus an grúpa Liobánach Hezbollah,  cuireadh an cúram ar UNIFIL  Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chinntiú, rún a éilíonn sos cogaidh idir na dreamanna atá i mbun cogaíochta agus aistarraingt Iosrael ó dheisceart na Liobáine. Is líniú teorann atá urraithe ag na NA agus a bunaíodh in 2000 atá sa Líne Ghorm 120 ciliméadar ar fhad.

Tá trúpaí na hÉireann tar éis a bheith i mbun seirbhíse le misean na Náisiún Aontaithe i ndeiseart na Liobáine ó bunaíodh é 40 bliain ó shin tar éis ionradh Iosrael ar an Liobáin agus fuair 47 duine de thrúpaí na hÉireann bás ar an misean.