Tugann an tUachtaráin cuairt ar láthair an chábla trasatlantach i nDairbhre

Sat 17th Fea, 2018 | 14:00
suíomh: Baile an Ridire, Dairbhre, Ciarraí

Bhí an tUachtarán ar Dhairbhre, chun cuairt a thabhairt ar Stáisiún Cábla Thrasatlantaigh Dhairbhre. 

160 bliain ó shin, leagadh an chéad Chábla Thrasatlantaigh a cheangail an Eoraip le Meiriceá Thuaidh. Rinne an cábla teilegraif nasc idir Chuan Dhairbhre in Éirinn le Cuan na Tríonóide i dTalamh an Éisc. 

Is sa bhliain 1845 a beartaíodh an cábla a leagan ar dtús, agus tar éis roinnt iarrachtaí cábla trasatlantach a thógáil, ar theip orthu, chuaigh an Stáisiún Cábla Thrasatlantaigh i mbun oibre den chéad uair in 1866 agus lean sé ag obair go dtí 1966. 

Tá Fondúireacht Dhairbhre um Chábla Trasatlantach ag obair chun an Cábla Trasatlantach a ainmniú mar thionscadal Oidhreachta Domhanda de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.