Cuairt an Uachtaráin ar Cheanncheathrú Fórsa Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe UNFICYP HQ

Lua 14th Dei, 2019 | 15:00
suíomh: (An Chipir) Crios Maolánach na Náisiún Aontaithe

(An Chipir) Crios Maolánach na Náisiún Aontaithe

Monday, 14th October, 2019

Cuairt an Uachtaráin ar Cheanncheathrú Fórsa Coimeádta Síochána na Náisiún Aontaithe UNFICYP HQ

Thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar an gCrios Maolánach de chuid na Náisiúin Aontaithe sa Niocóis. 

Is crios dímhíleataithe atá sa Chrios Maolánach a ndéanann fórsa coimeádta síochána na NA sa Chipir, a bunaíodh in 1964, patról air. Síneann sé 180 km trasna an oileáin agus tá sé 7.4 km ar leithead ag an áit is leithne agus 3.3 km ag an áit is caoile agus tá thart ar 10,000 duine ina gcónaí i sráidbhailte taobh istigh den chrios nó ag obair ar fheirmeacha atá lonnaithe ann. 

Thug an tUachtarán cuairt ar cheanncheathrú fhórsa coimeádta síochána na NA (UNFICYP), agus thapaigh sé an deis aird a tharraingt ar ghealltanas fadbhunaithe na hÉireann don mhisean agus do choimeád na síochána leis na NA go ginearálta.