Cuairt an Uachtaráin ar Larionad UCD d’Eitic sa Saol Poiblí

Lua 5th Fea, 2018 | 11:30
suíomh: An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Cuairt an Uachtaráin ar Larionad UCD d’Eitic sa Saol Poiblí

Thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag Lárionad UCD d’Eitic sa Saol Poiblí.


Ina aitheasc chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh bhunú an Lárionaid d’Eitic sa Saol Poiblí, agus d’éiligh sé tuilleadh anailíse agus machnamh grinn a dhéanamh i seomraí ranga, sna meáin agus i ndíospóireacht phoiblí. 

Ó insealbhaíodh é, tá iarracht déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn plé náisiúnta a spreagadh ar an gcineál Éireann ar mhaith linn í a chruthú, agus ar na luachanna ar mhaith linn iad a chur chun cinn agus sinn ag lorg smaointe nua ar an gcaoi le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna is práinní atá roimh Éirinn san am seo. 

Tharraing ‘Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann’, i gcomhar le raon eagras acadúil agus neamhbhrabúis, aird ar chruthaitheacht mhuintir na hÉireann agus ar a gcumas bealaí a shamhlú chun poblacht níos bríomhaire agus níos cuimsithí a fhíorú.