Nochtann An tUachtarán Comharthaíocht scoile um Shaoránacht Dhomhanda

Mái 31st Bea, 2016 | 11:00
suíomh: Teach an Ardmhéara
Nochtann An tUachtarán Comharthaíocht scoile um Shaoránacht Dhomhanda

"Ní faoi ghradaim atá na Scoileanna Saoránachta Domhanda. Is faoi thiomantas  scoil ar bith in Éirinn braistint an cheartais, mothúchán an chomh-mhuintearais, suim i gcúrsaí an domhain mhóir agus fonn cúram a dhéanamh dá gcomhshaol nádúrtha a chothú ina cuid daltaí atá siad."

Ar an 31 Bealtaine, sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tionscadal 'Scoil Saoránachta Domhanda', a chuireann ceachtanna agus acmhainní teagaisc eile ar fáil do scoileanna atá ag iarraidh ceisteanna forbartha domhanda a chuimsiú ina gcuraclam. 

"Is libhse, páistí an lae inniu, a bhaineann an t-aonú haois is fiche. Is oraibhse atáimid ag brath le cúram níos fearr a dhéanamh don Domhan ná mar a rinne mo ghlúinse, agus domhan níos cothroime a thabhairt le hoidhreacht ag an gcéad ghlúin eile, inar féidir le gach duine saol sona agus síochánta a chaitheamh."