I mí Mheán Fómhair 2013, nocht an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leacht i gcuimhne ar na longa a chuaigh go tóin poill agus ar na daoine a bhásaigh amach ó chósta Na Sceirí i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Is éard atá sa leacht cuimhneacháin cuaille a bhíodh á úsáid ag an nGarda Cósta mar ardán faire agus ba chuid thábhachtach d’fhearas tarrthála a bhí ann chun daoine a tharrtháil ó longa a bhí i mbaol a mbáite; tá ainmneacha na ndaoine agus na long báite inscríofa ar an gcuaille. Tá an cuaille ar cheann de na cláir a bhfuil an líon is mó ainmneacha air d’íospartaigh , longa, iascairí, U-bháid, mairnéalaigh, snámhóirí, tarrthálaithe agus daoine a maraíodh ar muir le linn cogaidh ó 12 náisiún thar 250 bliain in Éirinn.