Labhraíonn an tUachtarán ag ócáid d’fhonn bunú an chaidrimh taidhleoireachta idir Éire agus Neipeal a chomóradh

Sat 18th Lún, 2018 | 18:00
suíomh: Charlemont Hotel, Baile Átha Cliath
Labhraíonn an tUachtarán ag ócáid d’fhonn bunú an chaidrimh taidhleoireachta idir Éire agus Neipeal a chomóradh

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ina aoi onóra ag searmanas speisialta chun comóradh a dhéanamh ar bhunú caidrimh thaidhleoireachta idir Éire agus Neipeal.

Bhí an t-imeacht á reáchtáil ag Ambasadóir Neipeal chun na hÉireann, an Dr. Durga Bahadur Subedi agus Grúpa Cairdis Parlaiminte Éireann-Neipeal, san Oireachtas, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2017.

Tá an tAmbasadóir Subedi ar dhuine den 203 Ambasadóir a chuir a gcuid dintiúr faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach http://www.president.ie/en/diary/details/ambassadors-present-their-credentials-15