President receives ‘Walk with Gandhi - Bóthar na Saoirse’ book presentation

Déa 27th Fea, 2020 | 16:00
suíomh: (Dublin) Áras an Uachtaráin

(Dublin) Áras an Uachtaráin

Thursday, 27th February, 2020

President receives ‘Walk with Gandhi - Bóthar na Saoirse’ book presentation

Bronnadh cóip shínithe de 'Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse', ar an Uachtarán Ó hUigínn, leabhar haiku i nGaeilge agus i mBéarla le tráchtaireacht ag an bhfile Éireannach, Gabriel Rosenstock.

D’fhoilsigh Gandhi 150 Ireland an leabhar chun breith Mahatma Gandhi 150 bliain ó shin a chomóradh, fear ar spreag a chuid focal agus a ghníomhartha cuid mhaith ghníomhaithe ar son an chirt shóisialta, ina measc Nelson Mandela, Martin Luther King Jr. agus lucht na gCeart Sibhialta i dTuaisceart Éireann.

I measc na mball de thoscaireacht Gandhi 150 Ireland a thug cuairt ar an Uachtarán in Áras an Uachtaráin bhí: Gabriel Rosenstock, Eithne Ní Chléirigh, Des Geraghty, Rosheen Callender, Séamas Sheils, Sadanand Magee, Riannach Mitha Semple agus Pintu Lohar.