Fáiltíonn an tUachtarán roimh Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach nua-ceaptha an Chomhairle Oidhreachta  

hAo 22nd Fea, 2019 | 12:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Friday, 22nd February, 2019

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach nua-ceaptha an Chomhairle Oidhreachta  

Bualadh an tUachtarán le Virginia Teehan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nuacheaptha na Comhairle Oidhreachta.

Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta mar chomhlacht reachtúil chun cur chuige comhtháite maidir leis an oidhreacht a chur chun cinn, agus freagrachtaí i dtaca le gnéithe an chultúir agus an dúlra san áireamh. 

Sa bhliain 1993, aistríodh an Chomhairle Oidhreachta Náisiúnta ó Roinn an Taoisigh chuig an roinn nua, An Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, nuair a bhí Micheál D. Ó hUigínn ina Aire. Cheap an tUachtarán Ó hUigínn an chéad Chathaoirleach ar an gcomhlacht reachtúil. Ó shin i leith bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta gréasán d’Oifigigh Oidhreachta sa chuid is mó de chontaetha na hÉireann agus leithdháileadh níos mó ná €18 milliún mar dheontais do na céadta tionscadal ar fud na tíre.